Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Dráma úr le Pádraic Breathnach ar stáitse na Taibhdheirce

$
0
0

Ní fada go mbeidh an chéad dráma úr de chuid na hamharclainne stairiúla, Taibhdhearc na Gaillimhe, á léiriú tar éis a hathoscailte i mí Meán Fómhair na bliana seo.

Cé gur dúnadh an amharclann ar feadh cúig bliana, lean Taibhdhearc na Gaillimhe ar aghaidh ag léiriú drámaí ar feadh an ama sin agus anois léireofar an dráma ‘Scorach’ le Pádraic Breathnach ar a stáitse dúchais. Ba é an dráma Tromluí Phinnochio  le Moonfish Productions an chéad léiriú ar an stáitse athchóirithe.

Tá dlúthbhaint ag Pádraic Breathnach leis an Taibhdhearc le blianta fada agus tá clú bainte amach aige mar thógálaí seite, dearthóir, aisteoir, léiritheoir, stiúrthóir agus mar scríbhneoir.

Baineann an dráma ‘Scorach’ le seanscéal a mhair i mbéal an phobail i gConamara faoi laoch a sheas in aghaidh Tiarna Talún agus a thug beatha don phobal nuair a bhí daoine ag fáil bháis leis an ocras in aimsir an drochshaoil. Baintear úsáid as ceol beo agus amhránaíocht leis an scéal a insint, rud a chuidíonn le daoine ar bheagán Gaeilge an scéal a leanúint gan stró.

Sa léiriú seo a scríobh Páraic Breathnach d’Acadamh na Gaeilge, is é Páraic féin atá á stiúradh agus á chur i láthair tá Séamus Ó hAodha, Féilim Ó hAoláin, Neasa Ní Chuanaigh, Áine Ní Dhroighneáin, Micheál Ó Dubhghaill, Dónall Ó hÉalaí, Áine Ní Laoghaire, Peadar Ó Treasaigh agus Lúc Ó Riada. Cloisfear ceol a bhí curtha le chéile ag an mboscadóir, Colm Gannon.

Beidh an dráma á léiriú ar stáitse na Taibhdheirce ó 13-17 Samhain ag 8i.n. agus tá praghas €17/12 ar thicéid. Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir ríomhphost a chur chuig: eolas@antaibhdhearc.com.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 09 Samhain 2012
 

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Físeán: Salómé ar an stáitse ag Oireachtas na Samhna 2012

As na Nuachtáin: An Scorach sa Taibhdhearc

Ceardlann Scríbhneoireachta in Áras na nGael

 

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>