Ábhar conspóide le cúpla mí anuas é an t-atheagar atá beartaithe ag RTÉ i dtaobh sheirbhís nuachta TG4 agus Raidió na Gaeltachta ach dar le leascheannaire an stáisiúin Raidió, Rónán Mac an Iomaire, ní chuirfidh na leasuithe isteach ná amach ar pholasaí aonteangach RnaG.
Bhí Mac an Iomaire ag caint ag seimineár poiblí ar thodhchaí na meán Gaeilge ag Oireachtas na Samhna an tseachtain seo caite áit ar tugadh aghaidh ar chúis imní fhoireann agus lucht freastail RnaG i leith an chórais nua nuachta.
Fógraíodh i mí Lúnasa go gcuirfear leasuithe ar an gcóras reatha i bhfeidhm i mí Eanáir 2013 le dúbailt seirbhíse a sheachaint. Mar chuid den chóras leasaithe, fógraíodh go mbeidh nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta RnaG á soláthar ag Nuacht TG4 agus mar aon leis sin go mbeidh iriseoirí de chuid TG4 ag soláthar tuairiscí do chláir RnaG agus go mbeidh na hiriseoirí céanna ag soláthar míreanna Béarla do RTÉ News.
Cothaíodh neart conspóide ó shin idir bainistíocht RTÉ, Nuacht TG4 agus RnaG agus tuairiscíodh ag deireadh an tsamhraidh go raibh foireann RnaG ar aon tuairim “gur masla agus ísliú céime don tseirbhís” é an cónascadh. Ach in ainneoin mhíshástacht na foirne, creideann ceannasaíocht an stáisiúin gur gá na leasuithe a chur i bhfeidhm ionas go leanfar le forbairt na seirbhíse.
Faoin gcóras nua, ní chaillfidh duine ar bith a phost agus cuirfear traenáil i scileanna raidió ar fáil do lucht iriseoireachta TG4 a bheidh ag dul idir Baile na hAbhann agus Casla. Dúirt Mac an Iomaire ag seimineáir an Oireachtais go dtugann “sé an deis dúinn níos mó seirbhísí a chur ar fáil in ainneoin níos lú daoine agus níos lú acmhainní a bheith againn.”
© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Samhain 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Teannas idir an státchóras agus Oifig an Choimisinéara Teanga
As na Nuachtáin: No festive greeting for bid to have Irish Christmas sign
Teip na Roinne Coimirce Sóisialaí marcanna a bhronnadh don Ghaeilge á phlé ag Comhchoiste Dála
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge