Ag leanúint ar aghaidh ó rathúlacht a céad leabhair le Futa Fata, ‘Lúlú agus an oíche Ghlórach’, insíonn Bridget Bhreathnach, scéal faoi bhuachaill óg darbh ainm Séimí a bhfuil samhlaíocht mhór aige. Cumann sé cairde nua dó féin agus nuair a théann siad thar fóir leis an súgradh, deir Séimí ‘ Ní mise a rinne é!” ach ní chreideann a mháthair riamh é.
Is é Donough O’Malley a mhaisigh an leabhar agus é seo an dara huair dó foilseachán a mhaisiú do Futa Fata. Roghnaíodh an chéad leabhar a mhaisigh sé ‘An Coileach Codlatach’ le bheith mar chuid de Thaispeántas White Ravens 2012 a seoladh ag Aonach Leabhar Bologna san Iodáil.
D’éirigh go maith leis an chéad leabhar de chuid Bridget Bhreathnach, ‘Lúlú agus an Oíche Ghlórach’ thar lear agus aistríodh é go dtí an tSínis agus go Gaidhlig na hAlban.
Cuirfear fáilte roimh chách bheith i láthair ag an seoladh i Leabharlann na Cathrach agus beidh an t-údar agus an maisitheoir i láthair ag an ócáid le leabhair a shíniú do pháistí agus do thuismitheoirí.
© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Samhain 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Físeán: Salómé ar an stáitse ag Oireachtas na Samhna 2012
An bua ag Futa Fata ag na Gradaim Idirlín
Físeán: Seoladh Abair.ie ag Oireachtas na Samhna
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge