Tá sé i gceist ag an Roinn Sláinte scéim a dhréachtú de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime á lorg ag an Roinn ó aon pháirtithe leasmhara. Go hidéalach, ba chóir aighneachtaí scríofa, I bhformáid leictreonach, a sheoladh go Business_Support@health.gov.ie faoi 21 Samhain 2012 nó is féidir iad a chur sa phost chuig
Aonad Tacaíochta Gnó
An Roinn Sláinte
Teach Haicín
Sráid Haicín
Baile Átha Cliath 2
Tá eolas faoi ról/seribhísí na Roinne Sláinte ar fáil ar www.doh.ie.
Tá tuilleadh eolais ar an Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie.
Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.
Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:
http://www.gaelport.com/abhchoideacht nó http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.
© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Samhain 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Tuairim an Phobail ag teastáil do sheirbhísí Gaeilge ó Thuaidh
Mórcheisteanna na Gaeilge le plé ag lá eolais na bpolaiteoirí
Teip na Roinne Coimirce Sóisialaí marcanna a bhronnadh don Ghaeilge á phlé ag Comhchoiste Dála
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge