Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tacaíocht tugtha do chartlann dhigiteach RnaG

$
0
0

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit Donnacha Mac Fhionnlaoich TD go mbronnfar deontas de luach €74,738 ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar mhaithe le cartlann úr a fhorbairt in Áras Shorcha Uí Ghuairim i Roisín na Mainiach, Carna , Co na Gaillimhe.

Tá sé i gceist ag Acadamh na Gaeilge catalógú agus digitiú a dhéanamh ar ábhar RTÉ Raidió na Gaeltachta a craoladh ó bunaíodh an stáisiún in 1971.

Táthar ag súil go gcuimseoidh an chartlann ábhar a bhfuil luach náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint léi agus is céim phraiticiúil í seo i dtreo cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt an tAire Stáit agus é ag fógairt an deontais : “Cuirfidh na seirbhísí agus an hacmhainní a eascróidh ó fhorbairt na Cartlainne seo go mór le spéis sa chultúr traidisiúnta i measc phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.”

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 14 Samhain 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An Ghaeilge sa Roinn Sláinte

Tuairim an Phobail ag teastáil do sheirbhísí Gaeilge ó Thuaidh

Teannas idir an státchóras agus Oifig an Choimisinéara Teanga

 

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>