Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Coistí ar fud na tíre san iomaíocht i gcomórtas Ghlór na nGael

$
0
0
I ndiaidh an chéad bhabhta moltóireachta ar choistí áitiúla, d’fhógair Glór na nGael gearrliosta na n-iomaitheoirí a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile idir 22 agus 25 Samhain 2012.
Chuir 60 coiste isteach ar an gcomórtas i mbliana, iad scagtha de réir cúnaimh fhostaíochta agus foilsíodh dhá ghearrliosta bunaithe ar an scagadh sin. Beidh aitheantas eile ann i mbliana do choistí a bhain marc ard amach sa réamh-mholtóireacht ach nár éirigh leo áit a bhaint amach ar an ngearrliosta. Fógrófar ainmneacha na gcoistí a mbronnfar an t-aitheantas seo orthu ag deireadh na míosa seo.

Ar ghearrliosta na gcoistí gan cúnamh fostaíochta tá:
Gaeltacht:
Coiste Pobal an Tulaigh, Gaillimh
Glór na nGael Ghort a Choirce, Dún na nGall
Comharchumann Ráth Chairn, Co na Mí


IarGhaeltacht:
Baile Átha Buí, Co na Mí
Cumann Gaelach Leath Cathail, Co. an Dún
Glór Bréifne, Co Cabhán.

Ar ghearrliosta na gcoistí le cúnamh fostaíochta tá:
Coiste Forbartha Dobhair, Dobhar, Co Dún na nGall
Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimh
Gaeilge Locha Riach, Co na Gaillimh
Gaelpobal an tSratha Báin, Co Tír Eoghain; Glór Ceatharlach

Ghabh Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, buíochas leis na coistí go léir a chur isteach ar an gcomórtas agus mhol sé an dea-obair atá ag dul ar aghaidh háitiúil an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>