Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tuarascáil Fennell foilsithe agus tuairimí an phobail de dhíth maidir le polasaí Gaeilge RTÉ

$
0
0
Foilsíodh go poiblí tuarascáil a d’ullmhaigh an comhairleoir cumarsáide agus stiúrthóir Stillwater Communications, Cillian Fennell, ag dréachtú pholasaí RTÉ i leith na Gaeilge an tseachtain seo caite.

Cuireadh tús leis an athbhreithniú seo de bharr nach raibh polasaí craoltóireachta ar leith ann don Ghaeilge in RTÉ agus go raibh athmhúnlú beartaithe le haghaidh na seirbhísí nuachta Gaeilge. Cé go raibh an tuarascáil ar fáil le tamall, rinneadh an cinneadh le déanaí í a fhoilsiú go poiblí mar chuid den athbhreithniú seo.

Sa doiciméad, déanann Fennell cur síos ar ról na Gaeilge i ngach réimse craolacháin in RTÉ agus an bealach ina bhfuil RTÉ ag comhlíonadh an Achta Chraolacháin 2009 agus Cairt Chraolacháin Seirbhíse Poiblí RTÉ. Déantar scrúdú chomh maith ar na féidearthachtaí a thagann chun cinn maidir le ról RTÉ sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. As sin, molann Fennell straitéis Ghaeilge don stáisiún ar féidir a chur i ngníomh i ngach modh craolacháin in RTÉ. Is féidir an tuarascáil iomlán a léamh tríd an nasc seo: http://www.rte.ie/documents/about/straiteis-bheartaithe-maidir-le-haschur-gaeilge-rte.pdf.

Faoi láthair tá an straitéis atá molta curtha faoi bhráid Mheitheal Oibre chun scagadh a dhéanamh ar pholasaí Gaeilge don stáisiúin. Is mian le RTÉ tuairimí an phobail a fháil le cur ar aghaidh chuig an Meitheal Oibre chun straitéis a thógann mianta an phobail san áireamh a mholadh.

Cén cineál meáin Ghaeilge ar mhian leat go gcuirfidh RTÉ ar fáil? Is féidir freagraí agus tagairtí ginearálta a chur chuig teanga@rte.ie nó a sheoladh chuig:

Polasaí Gaeilge do RTÉ
2ú Urlár, An tIonad Corparáide
RTÉ
Baile Átha Cliath 4

Is é Dé hAoine 7 Nollaig an spriocdháta he haghaidh moltaí agus tuairimí. Foilseofar tuairisc na Meithle Oibre le tuairimí an phobail san áireamh go luath san athbhliain 2013.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 19 Samhain 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Polasaí aonteangach RnaG le fanacht mar atá

Tacaíocht tugtha do chartlann dhigiteach RnaG

As na Nuachtáin: RTÉ chun atheagar a dhéanamh ar sheirbhísí nuachta Gaeilge

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #Gaeilge #RTE


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>