Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Séanadh truamhéalach ar chearta daonna le comóradh 130 bliain ar aghaidh

$
0
0

Reáchtálfar ócáid chomórtha in ómós an fhir Ghaeltachta, Maolra Seoighe, a cuireadh chun báis go héagórach 130 bliain ó shin de bharr a bheith ciontaithe as a bheith páirteach i ndúnmharú Mhám Trasna ar theorainn Mhaigh Eo.

Tá an ócáid á eagrú i gcomhar le hoifig an Choimisinéara Teanga, Músaem Cathrach na Gaillimhe agus Conradh na Gaeilge mar léiriú ar an dul chun cinn atá tarlaithe le 130 bliain ó thaobh cearta teanga na Gaeilge de.

Sa bliain 1882, crochadh Maolra Seoighe agus cuireadh ar láthair phríosún na Gaillimhe é de bharr nach raibh an chosaint dlí ceart ar fáil dó mar fhear Gaeltachta, gan Béarla ar bith. Ní raibh Gaeilge ag an dlíodóir nó ag na h-abhcóidí a bhí dá chosaint ná raibh ag an mbreitheamh ná ag baill an ghiúiré sa chúirt i mBaile Átha Cliath.

Rinneadh neamhaird dá fhianaise toisc gur I nGaeilge a tugadh í agus níor thóg sé ach faoi bhun sé nóiméad teacht ar chinneadh go raibh sé ciontach as dúnmharú. Glactar leis go coitianta go raibh Maolra Seoighe neamhchiontach mar aon le ceathrar eile de na príosúnaithe.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, “Tráth a bhfuil cearta teanga an phobail daingnithe le dlí anois, níor cheart dearmad a dhéanamh ar chásanna cosúil le cás Mhaolra Seoighe, a léirigh gur dheacair cothrom na Féinne a fháil an uair sin faoin dlí gan Bhéarla”.

Beidh an ócáid ar siúl ar 15 Nollaig, cothrom an lae go díreach ar crochadh é, 130 bliain ó shin. I measc imeachtaí an lae beidh Aifreann ina chuimhne san Ardeaglais, siompóisiam i Músaem na Cathrach, taispeántas as sleachta stairiúla agus scannán faoi Mhám Trasna de chuid RTÉ. Beidh tuilleadh sonraí maidir le himeachtaí á fhógairt sna seachtainí romhainn.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Samhain 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Tuarascáil Fennell foilsithe agus tuairimí an phobail de dhíth maidir le polasaí Gaeilge RTÉ

Ceist na Gaeilge i gCáinaisnéis 2013

Bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com; #gaeilge #gaeltacht


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>