Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

40 Bliain Raidió na Gaeltachta le ceiliúradh i gCiarraí

$
0
0

Cloisfear scoth an cheoil ó Ghaeltachtaí na Mumhan ar an Aoine bheag seo nuair a cheiliúrfar 40 bliain Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall, Co. Chiarraí.

Tiocfaidh muintir na nGaeltachtaí éagsúla idir Chiarraí, Chorcaigh agus an Rinn le chéile i Halla na Feothanaí ar Dé hAoine, 23 Samhain, don cheolchoirm mhór atá á reáchtáil ag Raidió na Gaeltachta Bhaile na nGall agus ag a mbeidh ceoltóirí agus amhránaithe móra an cheantair ag seinm scoth an cheoil dúchasaigh.

Is é an ceoltóir agus an craoltóir Pádraig Ó Sé a bheidh ina fhear an tí ar an oíche agus i measc na gCiarraíoch eile ag ceiliúradh bua mór RnaG beidh Breandán Ó Beaglaoich, craoltóirí RnaG Áine Uí Laoithe agus Eilín Ní Chearna, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Maidhc Dainnín Ó Sé, Muireann Nic Amhlaoibh, Aoife Granville, Tim Dennehy, Eoin Duignan, agus Éilís Kennedy & Pauline Scanlon.

Freisin beidh ‘An Poc’ Seán Ó Sé, Máire Ní Chéilleachair, Matt Cranitch agus Jackie Daly, Conall Ó Gráda & Colm Murphy, agus Eoiní agus Danny Ó Súilleabháin i láthair thar cheann na gCorcaíoch agus ó Ghaeltacht na Rinne beidh Irial and Aodán as teaghlach Uí Cheallaigh, Anne Mulqueen agus a mac Ógie Ó Céilleachair, Mac Dara Mac Donncha agus Cór na nDéise.

Tosóidh an cheolchoirm ag 8pm ar an Aoine seo agus is féidir ticéid don ócáid speisialta a fháil ar €10 ó Raidió na Gaeltachta i mBóthar na Léinsí, 066 9155114.

Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.rte.ie/rnag/deisceart40.html agus craolfar ceolchoirm Raidió na Gaeltachta ar 25 Nollaig ag 7.30 pm.

©Foilsithe ar Gaelport 21 Samhain 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas;

As na Nuachtáin: Comhaltaí nua bhord UnaG

As na Nuachtáin: Hall of Fame honour for Seán Bán Breathnach at PPI Awards

Tacaíocht tugtha do chartlann dhigiteach RnaG

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #RnaG


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>