Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy le seoladh inniu

$
0
0

Seolfaidh an píobaire clúiteach Robbie Hannan Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy 2012 ar chlár Rónán Beo @3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, 29 Samhain 2012.

Glacfaidh ceoltóirí móra le rá a bhfuil baint acu leis an bhféile ar feadh na mblianta páirt sa seoladh inniu, ina measc Dermot McLaughlin, Úna Monaghan, At First Light, Tara agus Dermie Diamond, Conor Byrne, Gearóid Ó Maonaigh, Réalta, agus ceoltóirí agus lucht an cheoil ó Ollscoil na Ríona o mBéal Feirste – Martin Downling, Christine Downling, Nollaig Casey, Conor Cadwell agus Úna Monaghan.

Craolfar an clár beo ó Áras na Mac Léinn, Ollscoil na Ríona agus cuirfear fáilte roimh chách a bheith i láthair don chraic idir 3-5i.n. Tá an seoladh á reáchtáil in Ollscoil na Ríona toisc gur tógadh Frankie Kennedy i mBéal Feirste agus gur fhreastal sé ar an Ollscoil ann.

Bunaíodh an Scoil Gheimhridh sa bhliain 1994 in ómós Frankie Kennedy, an fliúiteadóir agus duine de bhunaitheoirí Altan.

I mbliana beidh an fhéile ar siúl ó 27 Nollaig go 1 Eanáir i nGaoth Dóbhair agus ar na himeachtaí a bheidh ar siúl beidh sraith cheolchoirmeacha le leithéidí Altan, Andy Irvine, Séamie O’Dowd, Iarla Ó Lionáird, Steve Cooney agus At First Light.

Beidh ceiliúradh speisialta ar siúl ar oíche chinn bhliana le céilí mór agus ceol ó Bhreandán Ó Beaglaoich agus Steve Cooney, an banna ceoil Reel It agus neart eile. Déanfar ceiliúradh chomh maith ar Raidió na Gaeltachta atá 40 bliain ar an bhfód i mbliana le hamhránaíocht agus ceol ó rannpháirtithe éagsúla as Tír Chonaill.

 

© Foilsithe ar Gaelport 29 Samhain 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Aitheantas tugtha do ghaiscí na scannánóirí Gaeilge

Ranganna ióga as Gaeilge sa Phríomhchathair

Tús spraíúil uile oileáin curtha le Bliain na Gaeilge 2013

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>