Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Feighlithe Linbh le Gaeilge de dhíth

$
0
0

Má tá suim agat aire a thabhairt do pháistí, tá deiseanna iontacha fógartha faoi láthair ar Gaelport.com mar Au Pair thar lear nó  mar Fheighlí Linbh i mBaile Átha Cliath.  

Is deis iontach é seo roinnt taistil a dhéanamh agus do scileanna teanga a fheabhsú agus aire a thabhairt do leanaí ag an am céanna.  Is í an Gaeilge an phríomhteanga a labhraítear sna teaghlaigh seo. Tá trí phost ar leith fógartha faoi láthair, Au Pair i Nua Eabhrac, Au Pair sa Ghearmáin, nó Feighlí Linbh i mBaile Átha Cliath.

·         Au Pair 1: Cainteoir Dúchasach Gaeilge atá de dhíth don phost seo a bheidh lonnaithe i Nua Eabhrac, ar Víosa G5 chun aire a thabhairt do bheirt páistí.

·         Au Pair 2: Iarrthóir le togha na Gaeilge atá de dhíth don phost seo a bheidh lonnaithe sa Ghearmáin.  Beidh an t-iarrthóir rathúil ag tabhairt aire do pháiste amháin, agus beidh deis aige/aici Gearmáinis a fhoghlaim.

·         Feighlí Linbh: Tá feighlí linbh le Gaeilge ag teastáil ó theaghlach lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath chun aire a thabhairt do bheirt páistí. 

Tá gach eolas faoi na folúntais seo, agus neart folúntas eile ar fáil ag www.gaelport.com/foluntas 

© Foilsithe ar Gaelport 29 Samhain 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ag cuardach poist?

Deontas €5000 le bronnadh ar scannánóirí Gaeilge

Cúrsa Stiúradh Cláir Faisnéise

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945