Ainmníodh Jackie Mac Donncha agus Áine Uí Fhoghlú mar bhuaiteoirí Chomórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2012 ar Dé Céadaoin, 28 Samhain 2012.
Is ar chnuasach gearrscéalta de chuid Jackie Mhic Dhonncha as Conamara a bronnadh an chéad duais €3,000.
Is saothar é Bróga Johnny Thomáis ina dhéantar plé ar théamaí uilíocha an tsaoil idir ghrá, bhriseadh croí agus shaotrú an tsaoil agus insítear an scéal go liriciúil i stíl thraidisiúnta Chonamarach.
Bronnadh an dara duais €2,000 ar Éalú, úrscéal de chuid Áine Uí Fhoghlú. Thug na moltóirí “Leabhar dea-scríofa inléite” ar shaothar Uí Fhoghlú ina n-insítear scéal na bulaíochta agus an fhoréigin idir beirt leannán a bhfuil pósta.
“Tús an-tarraingteach, an-mhealltach don léitheoir: oscailt phléascach le hábhar an-spéisiúil idir chamáin,” a dúradh faoi.
Reáchtáladh an comórtas nua thar an samhraidh agus fáiltíodh roimh gach cineál iontráil nuachumtha agus neamhfhoilsithe idir úrscéalta, ghearrscéalta agus litríocht do dhaoine óga.
Fógraíodh ag tús na tréimhse iomaithe go dtarraingeofar aird ar leith ar scríbhneoirí nua le linn an chomórtais agus dar leis an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile, bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, “Is mór an spreagadh a thugann comórtais agus na duaiseanna a ghabhann leo do scríbhneoirí, go háirithe do scríbhneoirí óga nó scríbhneoirí nua nár fhoilsigh leabhar cheana.”
Seolfar Bróga Johnny Thomáis, cnuasach an bua de chuid Jackie Mhic Dhonncha Dé hAoine, 7 Nollaig 2012 mar aon le dá leabhar úra eile; Ar Nós an Pháiste le Pádraig Standún agus Conamara agus Boston: Tríocha Bliain Anonn is Anall le Máirtín Ó Catháin.
Pléitear tionchar an ghalair Alzheimer’s in úrscéal An Standúnanaigh a ainmníodh ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin Leabhar na Bliana 2012. Insítear scéal Stiofáin Uí Anluain, fear a bhfuil ag fulaingt de bharr an ghalair, agus eachtra a thiteann amach i ngailearaí Mhúsaem Van Gogh in Amstardam.
Díríonn leabhar Uí Chatháin ar scéal Thomáis Uí Chonaire agus a theaghlach as Ros Muc a thug faoin aistear go Boston sna 1980idí. Pléitear an nasc a cruthaíodh idir Conamara agus Boston Mheiriceá thar na blianta mar gheall ar thraidisiúin an imircigh in Iarthar Éireann.
Seolfar Ar Nós an Pháiste le Pádraig Standún agus Conamara agus Boston: Tríocha Bliain Anonn is Anall le Máirtín Ó Catháin ar an oíche chéanna a seolfar Bróga Johnny Thomáis le Jackie Mac Donncha i dTigh Mheaic, Carna ar Dé hAoine, 7 Nollaig 2012 ag 8pm.
©Foilsithe ar Gaelport 29 Samhain 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy le seoladh inniu
Ranganna ióga as Gaeilge sa Phríomhchathair
Comórtas: Dhá leabhar ghleoite leis An Gúm le buachan
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge