Reáchtálfar Comhdháil na nDéise don dara bliain as a chéile in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ar an 27 Aibreán, 2013.
Cuireadh tús leis an gComhdháil anuraidh ar mhaithe le gnéithe éagsúla de chultúr na nDéise a phlé – stair, litríocht, amhránaíocht agus ceol san áireamh.
Tá fáilte roimh chách páipéar a thairiscint ar aon ghné de Ghaeilge na nDéise agus achoimre 250 focal a sheoladh chuig deise@wit.ie roimh 1 Feabhra, 2013. Seans nach nglacfar le gach tairiscint ag braith ar chúrsaí ama ar an lá.
I mbliana tabharfar deis do mhic léinn iarchéime taighde ar bith dá gcuid a chur i láthair ar an lá fiú mura mbaineann an t- ábhar le Gaeltacht na nDéise. Is féidir na tairiscintí seo a chur chuig deise@wit.ie chomh maith.
Fógrófar tuilleadh maidir le haoichainteoirí agus imeachtaí an lae sna míonna romhainn.
©Foilsithe ar Gaelport 29 Samhain 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Buaiteoirí Chomórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht fógartha
Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy le seoladh inniu
Feighlithe Linbh le Gaeilge de dhíth
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge