Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Treoirlínte Eorpacha ar Stíl sa Ghaeilge foilsithe

$
0
0

Tá leagan Gaeilge den treoir stíle institiúideach a bhíonn in úsáid ag fostaithe sna hInstitiúidí Eorpacha ar fáil ar líne anois.

Agus é curtha i dtoll a chéile ag Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, is éard atá sa treoir stíle ná cur síos ar threoirlínte i dtaobh rialacha agus gnásanna caighdeánacha institiúidí, comhlachtaí agusgníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. 

Tá an cháipéis curtha le chéile ag meithleacha oibre éagsúla de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh ag a bhfuil neart ionadaithe ó phríomhsheirbhísí teangeolaíochta mar bhaill, idir dhlítheangeolaithe, aistritheoirí, théarmeolaithe agus  phrofléitheoirí. 

Roinntear an treoir stíle i gceithre chuid a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh idir fhoilseacháin, eolas ginearálta maidir leis na tíortha éagsúla, cur síos ar phoncaíocht na dteangacha oifigiúla agus na gnásanna ar leith a bhaineann leo.

Beidh an leabhar stíle ina chabhair do dhaoine gairmiúla taobh amuigh de na hInstitiúidí Eorpacha chomh maith mar tugann sé treoir maidir le poncaíocht, ar conas a scríobhtar uimhreacha, dátaí agus an t-am agus ar úsáid ceannlitreacha.

Tá an treoirleabhar ar fáil sna teangacha oifigiúla go léir agus is féidir teacht ar an leagan leictreonach anseo nó is féidir cóip chrua a ordú saor in aisce ach ríomhphost a sheoladh chuig code-redaction-coordination@publications.europa.eu.

©Foilsithe ar 30 Samhain 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Dátaí Chomhdháil na nDéise 2013 fógartha

Moladh don Ghaeilge an moladh ba thábhachtaí i dtionscadal Óige an Uachtaráin

Folúntas: Postanna sna hInstitiúidí Eorpacha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>