Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Na Gaeil Óga ag earcú imreoirí úra

$
0
0

An bhfuil mianach an imreora Gaelaigh ionat? Má cuireann tú spéis san iomáint, i bpeil na mban nó i bpeil ná bhfear tá deis imeartha díreach os do comhair.

Tá spás fágtha ar fhoirne peile agus iomána ‘Na Gaeil Óga’ agus is é 8 Nollaig an dáta deiridh le spéis a léiriú ann.

Is é Páirc an Fhionnuisce atá mar cheanncheathrú don chlub i láthair na huaire agus tá sé ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é sa bhliain 2011.

Bliain éachtach amach is amach a bhí in 2012, chroch an cumann dhá chorn leo - Corn Uí Bhroin agus Sraith a 10 Theas Contae Átha Cliath.

Ghlac siad páirt den chéad uair i gComórtas Peile na Gaeltachta sa bhliain 2011 agus i mbliana bhí an bua ag foireann na mban i gcoinne Laochra Loch Lao sa chraobh.

Seo an chéad bhliain do na Gaeil Óga foireann na mban a chur amach ar an bpáirc peile chomh maith leis an gcéad fhoireann iománaíochta. Bronnadh gradaim an chumainn ar imreoirí ag Mórdhinnéar na bliana san Óstán Davenport le déanaí a léirigh an dul chun cinn atá déanta le dhá bhliain anuas.

Is féidir dul i dteagmháil leis na Gaeil Óga maidir le hearcú imreoirí thrí ríomhphost a sheoladh chuig cumannclg@gmail.com. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh greasáin an chumainn - www.nagaeiloga.ie.

 

© Foilsithe ar Gaelport 29 Samhain 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ranganna ióga as Gaeilge sa Phríomhchathair

Buaiteoirí Chomórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht fógartha

Moladh don Ghaeilge an moladh ba thábhachtaí i dtionscadal Óige an Uachtaráin

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge @nagaeiloga


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>