Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Aighnechtaí á lorg – Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

$
0
0

Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag ullmhú dréacht Scéim nua faoi réir alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi láthair. Is é príomhaidhm an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos fearr ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde.

Leanfaidh an Scéim nua Scéim reatha de chuid Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí don tréimhse 2010-2013.
 
Tá uiríll á lorg ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi láthair ó gach páirtí leasmhar maidir le hullmhú a Scéime don tréimhse 2013-2015.  Féadfar aighneachtaí a sheoladh isteach go leictreonach ag ríomhphost gaeilge@dppireland.ie, nó tríd an bpost chuig:
 
An tAonad Cumarsáide agus Forbartha,
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí,
(Acht na dTeangacha Oifigiula),
90 Sráid an Rí Thuaidh,
Margadh na Feirme,
Baile Átha Cliath 7.
 
Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí a bheith faighte ná Dé hAoine, 4 Eanair 2013. 

 
Tá tuilleadh eolais maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

  
Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.      
 
Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport: 
http://www.gaelport.com/abhchoideachthttp://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.  
 
Fógra Poiblí foilsithe ar Gaelport.com 03 Nollaig 2012


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>