Seoladh an ceathrú aip don óige de chuid TG4, ‘Ag Spraoi le Claude’ bunaithe ar an tsraith chlúiteach do pháistí, an tseachtain seo caite agus é ar fáil anois ar stór iTunes.
Cartún is ea ‘Ag Spraoi le Claude’ a bhaineann le béar bán a bhogann ón Mol Thuaidh go cathair ghréine agus bíonn neart le foghlaim aige toisc an suaitheadh cultúir mór a bíonn i gceist. Is mór an chabhair é dlúth chara Claude, Brian, a chuidíonn leis aithne a chur ar a shaol nua.
Is le cuidiú Bhriain agus Claude a imríonn páistí cluichí spraíúla i réimsí ar leibhéil éagsúla éascaíochta san aip. Foghlaimíonn páistí scileanna tábhachtacha; comhaireamh agus tomhas fuaimeanna ina measc agus iad ag baint spraoi as cluichí cuimhne, aimsithe agus péinteála agus míreanna mearaí. Tá an aip féin an-simplí le húsáid agus iomlán feiliúnach do pháistí réamhscoile.
Níl ach táille fíor bheag €1.79 ar an aip agus tagann sé sna sála ar na haipeanna eile a seoladh le déanaí - Cúlacaint 2 agus Olly an Veain Bheag Bhán, atá saor le híoslódáil. Is leor na focail Gaeilge, Cúla4 nó TG4 a úsáid mar fhocal cuardaigh agus tú le teacht ar an aip in iTunes.
© Foilsithe ar Gaelport.com 03 Nollaig 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Na Gaeil Óga ag earcú imreoirí úra
Ranganna ióga as Gaeilge sa Phríomhchathair
Feighlithe Linbh le Gaeilge de dhíth
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge