Reáchtálfar Féile Leabhar na Nollag i gcomhar le Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon ag Músaem Chathair na Gaillimhe Dé hAoine seo, 7 Nollaig 2012 ó 10r.n. go dtí4i.n.
Beidh imeachtaí éagsúla bainteach le hearnáil na foilsitheoireachta ar siúl i gcaitheamh an lae mar aon le ‘preabshiopa’ sealadach a chuirfidh ar chumas daoine na leabhair Ghaeilge is feiliúnaí a roghnú mar bhronntanais Nollag i mbliana. Baineann an fhéile seo le sraith beart de chuid Fhoras na Gaeilge a dhíríonn ar dheiseanna d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge a neartú agus a shaibhriú.
Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge:
“Cuirfidh an t-imeacht saor in aisce seo mear-roghnanna leabhar mar bhronntanais ar fáil. Tá a fhios againn go gceannaíonn daoine leabhair Ghaeilge mar bhronntanais nuair a thugtar an t-eolas ceart dóibh”.
Roinnfear imeachtaí an lae ina dhá chuid ag díriú ar pháistí bunscoile ar dtús agus níos déanaí sa lá díreofar ar dhaoine fásta leis an gcoincheap litríochta úr, BUY-lingual.
Ar maidin déanfar iarracht páistí óga a spreagadh le dúil a chur sa léitheoireacht trí Ghaeilge. Léifidh na húdair Patricia Forde, Caitríona Hastings, Mícheál Ó Ruairc agus Bridget Breathach sleachta óna gcuid saothar is déanaí agus fanfaidh na húdair thart le ceisteanna a fhreagairt. Ina dhiaidh stiúrfaidh Orna Ní Choileáin, údar ‘Ailfí agus an Vaimpír’, ceardlann litríochta do dhaoine óga.
Óna 1-2 reáchtálfar an ‘G-Caint’ ina mbeidh Beirní Ní Chuinn i mbun comhrá le scríbhneoirí atá go mór ar an bhfód faoi láthair, Pádraig Breathnach agus Caitríona Hastings faoina dtaithí féin i saol na scríbhneoireachta.
Sa tráthnóna ansin cuirfear béim ar an bpreabshiopa leabhar leis an seisiún eolais, BUY-lingual ina léireofar cé chomh faiseanta agus tarraingteach is atá an dátheangachas, ag iarraidh tuismitheoirí agus foghlaimeoirí na teanga a spreagadh leis an nGaeilge a chleachtadh trína n-eolas faoin litríocht a threisiú. Beidh comhairle ar fáil maidir leis an leabhar is feiliúnaí a cheannach mar bhronntanas ag braith ar chumas teanga an duine idir fhoghlaimeoirí, ghlan-thosaitheoirí agus chainteoirí líofa.
© Foilsithe ar Gaelport.com 04 Nollaig 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Aip úr eile don óige seolta ag TG4
Na Gaeil Óga ag earcú imreoirí úra
Buaiteoirí Chomórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht fógartha
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge