Tá ullmhúcháin tosaithe cheana féin do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2013.
Pacáiste gnó de luach €20,000 a bhronntar ar bhuaiteoirí an Ghradaim agus é oscailte do dhaoine ar bheagán Gaeilge mar aon le cainteoirí líofa.
Beidh tráthnóna eolais dátheangach á reáchtáil ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le EmployAbility Galway, buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2012, ar Dé Máirt, 29 Eanáir 2013.
Tabharfaidh an ócáid seo deis do ghnólachtaí a bhaineann leas as an nGaeilge i ngnéithe ar leith dá gcuid gnó aithne a chur ar bhuaiteoirí na bliana seo caite, foirmeacha iarratas a líonadh amach agus freagra a fháil ar cheisteanna ar bith atá acu faoin ngradam.
Níl ionad socraithe go fóill ach is féidir ríomhphost a sheoladh chuig gearoidin@gleg.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
Is léir go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta le déanaí ó thaobh feiceálacht na Gaeilge ar sráideanna na Gaillimhe. Tá cinneadh déanta ag roinnt gnólachtaí agus eagraíochtaí úsáid a bhaint as comharthaíocht dhátheangach lena ngnó a chur chun tosaigh.
Chuir ‘The Great Outdoors’ ar Shráid Eglington síneadh lena siopa le gairid agus mar chuid den athchóiriú sin, cuireadh an seanfhocal aitheanta – ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte’ in airde. Chomh maith leis sin, tá an siopa bróg aitheanta ‘Logues’, tar éis úsáid a bhaint as comharthaíocht Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den siopa agus ar na málaí siopadóireachta.
Molann Gaillimh le Gaeilge do ghnólachtaí an dea-shampla a leanúint chun mbeidh stádas ard ag an nGaeilge mar theanga gnó sa chathair.
© Foilsithe ar Gaelport.com 05 Nollaig 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
‘Preabshiopa Leabhar’ le litríocht na Gaeilge a chur chun cinn
Aip úr eile don óige seolta ag TG4
Na Gaeil Óga ag earcú imreoirí úra
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge