Iarrtar ar úsáideoirí focal.ie bheith páirteach i sraith de ghrúpaí fócais a reáchtálfar sa phríomhchathair le linn mhí na Nollag 2012 agus mí Eanáir 2013.
Reáchtálfar trí sheisiún san iomlán a dhíreoidh ar aiseolas a bhailiú ón bpobal i leith úsáid na hacmhainne.
Déanfar plé suntasach ar sheiftiúlacht focal.ie agus glacfar le tuairimí agus moltaí ar bith a chuirfear ar fáil i dtaobh úsáid an bhunachar náisiúnta téarmaíochta Gaeilge.
Beidh na seisiúin ar siúl i Seomra Boird an Georgian Business Centre ar Shráid Bhagóid, Baile Átha Cliath ar na dátaí a leanas:
11-12.30pm, Dé Sathairn 15 Nollaig
3-5pm, Dé hAoine 21 Nollaig
5-7pm, De hAoine 11 Eanáir 2013
Soláthrófar sólaistí ar na dátaí éagsúla agus íocfar costais taistil. Freisin, tabharfar deis do rannpháirtithe €150 a bhuachan sa chrannchur a reáchtálfar mar chuid den tsraith seisiún.
Cuirfear fáilte roimh gach cineál úsáideora ach clárú roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig fionnuala@sanastranslations.ie nó eolas@sanastranslations.ie.
©Foilsithe ar Gaelport 5 Nollaig 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Aip úr eile don óige seolta ag TG4
Deiseanna do ghnólachtaí na Gaillimhe- Gradaim Ghaillimh le Gaeilge
Treoirlínte Eorpacha ar Stíl sa Ghaeilge foilsithe
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge