Tá fáil thairiseach anois ar chláir theilifíse trí Ghaeilge ó seoladh seirbhís nua TG4 ar éileamh.
Den chéad uair riamh, cuirtear seirbhís bhuan ar fáil do leath-mhilliún custaiméir UPC inár féidir teacht ar 35-40 clár Gaeilge gach seachtain. Tá na cláir le feiceáil suas go coicís i ndiaidh na mbunchraoltaí agus soláthraíonn an tseirbhís nua rogha leathan clár idir Ros na Rún, An Jig Gig agus Garraí Glas. Tá fáil ar leith freisin ar chláir faisnéise agus siamsaíochta de chuid TG4, ina measc Nuacht TG4 agus 7Lá.
Cuireann an tseirbhís nua le seirbhísí reatha an stáisiúin Gaeilge ar UPC, TG4 HD (cainéal 137) agus Cainéal na bPáistí (602).
Tá an tseirbhís nua ar éileamh anois i dteannta RTÉ agus TV3, a bhunaigh an tseirbhís 6 mhí ó shin agus a bhfuil níos mó ná 10 milliún amharc faighte aige ó shin.
Dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Aschuir TG4 go bhfuil nósmhaireachtaí féachana teilifíse ag athrú i láthair na huaire agus gur forbairt shuntasach í an tseirbhís nua TG4 ar éileamh i leith freastal ar an lucht féachana, "Ní ag am a chraolta amháin is maith le daoine féachaint ar ábhar teilifíse. Tá an cumas “ar éileamh” an-tábhachtach chun freastal ar mhianta an luchta féachana seo agus tá rún ag TG4 na féidearthachtaí ina leith seo a fhiosrú agus a thapú ar gach ardán. Cuireann an fhorbairt seo ar chábla UPC le rogha leathan ardáin an lucht féachana le breathnú ar chláir Ghaeilge TG4, cibé acu ar teilifís, ar an tseirbhís nua seo ar éileamh nó ar Seinnteoir ar www.tg4.tv.
Táimid ag tnúth leis an réimse ábhair atá ar fáil a mhéadú de réir a chéile”, a dúirt sí.
© Foilsithe ar Gaelport 11 Nollaig 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Deiseanna do ghnólachtaí na Gaillimhe- Gradaim Ghaillimh le Gaeilge
Aip úr eile don óige seolta ag TG4
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge