An t-am sin den bhliain arís. Tá siopaí na tíre plódaithe ó mhaidin go hoíche agus cuardach na mbronntanas Nollag is fearr faoi lán seoil.
Idir bhréagáin, éadaí agus gach sórt eile níl deireadh go deo le réimse na n-earraí Gaeilge atá ar fáil i mbliana agus is iontach an deis í an Nollaig leis an teanga a spreagadh i measc daoine ar gach aois agus gach leibhéal Gaeilge.
Is smaoineamh iontach é cúrsa Gaeilge a cheannach mar bhronntanas i mbliana. Idir chúrsaí Chonradh na Gaeilge a bheidh ag tosú i mí Eanáir, chúrsaí ar-líne Gaelchultúr agus chúrsaí Gaeltachta Gael-Linn, tabharfaidh cúrsa Gaeilge deis tabhairt faoi dhúshláin nua sa bhliain 2013 agus is cinnte go mbeidh an-éileamh go deo ar a leithéid mar gheall ar Bhliain na Gaeilge a bheidh ag titim amach le linn 2013.
Beidh an Ghaeilge níos sofheicthe an bhliain seo chugainn ná am ar bith riamh agus beidh daoine ag iarraidh a gcuid grá don teanga a chur os comhair an phobail dá bharr. Déanann An Spailpín Fánach freastal ar gach duine ar mian leo a gcuid spéise sa teanga a léiriú go poiblí idir chochaill, mhálaí agus na t-léinte a mbíonn an-tóir orthu i gcónaí. Tosaíodh tionscadal nua le déanaí, Seanfhocal na Míosa a thugtar air, ina mbíonn seanfhocal úr éagsúil le fáil ar rogha t-léinte, cochaill agus geansaithe gach mí. Bíonn idir sheanfhocail thraidisiúnta agus nuachumtha ar fáil mar chuid den réimse nua ach ní bhíonn fáil ar na táirgí ach ar feadh mí amháin sula n-athraítear an seanfhocal arís.
Is áis iontach é an spraoi i leith foghlaim agus feabhsú teanga agus is cinnte go mbainfidh Gaeilgeoirí ar gach aois sult as na cluichí Gaeilge, idir chluichí boird agus chluichí digiteacha, atá ar an margadh i láthair na huaire.
Mar is gnáth, beidh an-tóir go deo ar ‘Scrabble as Gaeilge’ arís i mbliana. Taitníonn an cluiche le daoine ar gach cumas mar phíosa spraoi agus ar bhealach iomaíochta agus cuirtear le foclaíocht agus litriú an Ghaeilgeora ag an am céanna. Tá Scrabble as Gaeilge ar fáil go forleathan agus is féidir teacht ar Scrabble na nÓg agus cluichí boird eile ar nós League Leader Iománaíocht, Biongó agus Dúradáin Mheabhracha ag an Siopa Leabhar agus Údar.
Seoladh an chéad físchluiche Gaeilge riamh le déanaí, ‘An Caife Craosach’ agus is bealach éagsúil é leis an nGaeilge a chur os comhair cainteoirí líofa agus daoine ar bheagán Gaeilge go spraíúil agus go taitneamhach. Tá an cluiche le fáil anois mar DVD nó mar íoslódáil dhigiteach ar phraghas €4.99 nó mar íoslódáil do ríomhairí pearsanta nó ríomhairí glúine ar a bhfuil Windows ó www.deadhungrydiner.com.
Tá bronntanais spraíúil agus oideachasúil ar fáil don aos óg freisin - míreanna mearaí bunaithe ar chontaetha na hÉireann ag an Spailpín Fánach agus arís beidh an-éileamh ar an teidí is aitheanta ar domhan, Bábóg Baby i mbliana atá ar díol ar fud na tíre. Agus mar eolas breise, tá an bréagán bog anois ar fáil i nGaeilge, Béarla, Breatnais agus Gàidhlig.
Agus nuair atá na bronntanais Ghaeilge uile roghnaithe agus ceannaithe, ná déan dearmad ar an bpáipéar beartán Gaeilge. Tá ceithre chineál stíleanna don Nollaig ar fáil ón Siopa Cultúr ar phraghas iontach réasúnta agus tá fáil freisin ar rogha álainn de chlibeanna féiríní Gaeilge.
© Foilsithe ar Gaelport 11 Nollaig 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Cártaí Nollag as Gaeilge i gCeatharlach
As na Nuachtáin: Séasúr na hAidbhinte
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge