Ar an 3 Samhain sheol an ceoltóir agus cócaire Brian Ó Domhnaill leabhar agus dlúthdhioscaí ceoil do pháistí dar teideal ‘Báidín Fheidhlimidh’ ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn, Dún na nGall.
Seo leabhar gleoite agus dlúthdhioscaí ceoil do pháistí atá curtha amach ag Ionad Oideachais Ghort an Choirce. Ghlac suas le 58 páiste óg, as 12 bunscoil Gaeltachta trasna Thír Chonaill páirt sa dhlúthdhiosca úr ceoil agus dánta seo.
Is é Doimnic Mac Giolla Bhríde, iarbhuaiteoir Choirn Uí Riada, a chóirigh an ceol don dlúthdhiosca agus a rinne na taifeadtaí. Tá Dónall Ó Connor, Séamas O’Kane agus Cathy Potter ag seinm ar an dlúthdhiosca mar aoi-cheoltóirí. I measc na n-amhrán atá ar an dlúthdhiosca tá amhráin mar A Nóra Bheag, Tá mo Chleamhnas á Dhéanamh, A stór, a Stór, a Ghrá, Och, Och, Mo Mhadadh Beag, Teidí Beag Álainn, Bhí Bríd ag Siúl sa Ghairdín Lá agus go leor eile. Is seoid dheas í a bheidh an-úsáideach?
Tá leabhair den scoth foilsithe ag Cló Mhaigh Eo atá lonnaithe i gClár Chlainne Mhuiris i gCo. Mhaigh Eo. Ina measc tá an leabhar ‘Tubaiste ar an Titanic’ le Máire Zepf agus tá an leabhar seo an-oiriúnach do dhaoine os cionn deich mbliana d’aois.
Tá réimse leathan de leabhair do pháistí foilsithe acu freisin, is álainn ildaite go deo é an leabhar ‘Spidey’ le Carmel Uí Cheallaigh atá feiliúnach do phaistí 2-6 bliana. Tá sraith de leabhair dar teideal ‘Cá bhfuil Riley’, ‘Conas tá tú’ agus ‘Is maith liom‘ foilsithe acu le dhá mhí anuas. Seo trí leabhar eile sa tsraith álainn Ghaeilge do pháistí scríofa agus maisithe go gleoite ag Ciara Ní Dhuinn.
Arís i mbliana d’fhoilsigh An Gúm leabhar aoibhinn do dhaoine óga, ina measc tá an leabhar Smuf ó pheann an scríbhneora Alan Titley. Is scéal spraíúil spleodrach is ea Smuf ach cad atá i ndán do Smuf – saol anróiteach nó saol an mhadra bháin? Tá an leabhar seo oiriúnach do dhéagóirí.
I measc na leabhar eile a d’fhoilsigh An Gúm tá na leabhair Nóinín agus Siar Aniar agus Caoimhe agus an Bogha Báistí. Sa leabhar Nóinín agus Siar Aniar teann Nóinín agus a cairde ar eachtra a bhaineann le maidrín, fiosrach portán agus tarracóir draíochtach. Tá an dlúthdhiosca a théann leis lán de spraoi agus d’anamúlacht na nDéise. Pictiúrleabhar nua le flapaí do pháistí óga is ea an leabhar Caoimhe agus an Bogha Báistí le Siobhain Grogan. Tá na leabhair seo feiliúnach do phaistí óga idir 4-7 mbliana d’aois.
D’fhoilsigh Futa Fata leabhar iontach do pháistí i mbliana chomh maith - ina measc tá na leabhair Mise agus an Dragún agus An Phluais agus Ní Mise a Rinne É!.
Tá sé iontach gur éirigh thar barr leis an leabhar ‘An Phluais’ leis an léirmheas an-mhaith a fuair sé ar an Late Late Toy Show beagnach coicís ó shin, seo leabhar le David Gatward agus atá aistrithe go Gaeilge ag Patricia Mac Eoin. Seo scéalta eachtrúla, faoi chairdeas agus faoi thrioblóidí ar scoil agus conas aghaidh a thabhairt ar na rudaí a chuireann faitíos ort. Seo úrscéalta do pháistí 8+ atá an-oiriúnach mar ‘fhíor-leabhair’ léitheoireachta sa seomra ranga. D’fhoilsigh Futa Fata an leabhar Mise agus an Dragún le Patricia Forde freisin le déanaí. Seo é an tríú leabhar ag Patricia le Futa Fata. Seo scéal eachtraíochta faoi bhéirín beag atá ag iarraidh dul ag seilg dragún! Agus tá sé maisithe go gleoite ag Steve Simpson.
Anuas air seo d’fhoilsigh said an leabhar ‘Ní Mise a Rinne É! leis an scríbhneoir Bridget Bhreathnach. Tá sé oiriúnach do pháistí idir 4-6 bliana d’aois. Scríobhann an t-údar faoi na himpleachtaí a bhaineann le bréaga a insint, agus gan freagracht a ghlacadh as botún a dhéanamh.
Ba iad Cló Iar-Chonnacht atá lonnaithe in Indreabhán i gConamara a chuir an leabhar Na Trí Mhíoltóg agus Hóng i gcló.
Seo leabhar den scoth leis an scríbhneoir aitheanta Micheál Ó Conghaile atá oiriúnach do ghasúir idir 8-12 bhliain d'aois, ó rang a 3 go rang a 5/6. An té nach bhfuil láidir ní foláir dó a bheith glic, a deir an seanfhocal. Sa leabhar seo tugtar léargas úrnua dúinn sna scéalta ar mhianta an chine dhaonna agus cur i láthair éagsúil i leith nádúr an tsaoil.
Is ó pheann an scríbhneora aitheanta Anna Heussaff a tháinig an t-úrscéal ‘Hóng’, agus a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, scéal mistéire agus eachtraíochta do léitheoirí dar aois 10-14 bliana agus beidh léitheoirí óga ag casadh na leathanach ó thús deireadh.
Is iad Muintearas i dTír an Fhia i gCo. na Gaillimhe a d’fhoilsigh an leabhar ‘Í Há’ le déanaí agus rinne an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta Eibhlín Ní Chonghaile an leabhar a sheoladh inné. Tháinig an saothar seo as ceardlann a chuir Muintearas ar fáil mar chuid de chúrsa aistriúcháin scoile do na cheithre scoil i gceantar na nOileán i gConamara. Bhí 30 gasúr páirteach sa tionscadal - ocht rang a bhí i gceist agus suas le 40 nóiméad i ngach uile rang agus ba as sin a tháinig an saothar álainn seo.
Is cinnte go bhfuil réimse leathan de leabhair iontacha ar fáil sna siopaí nó ó shuíomh gréasáin na bhfoilsitheoirí an Nollaig seo.
© Foilsithe ar Gaelport 11 Nollaig 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Tabhair bronntanas na Gaeilge i mbliana
As na Nuachtáin: Cártaí Nollag as Gaeilge i gCeatharlach
As na Nuachtáin: Séasúr na hAidbhinte
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #nollaig