Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Iris Comhar mhí na Nollag le seoladh ag an Uachtarán

$
0
0

Seolfaidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUigínn Iris Comhar mhí na Nollag ar an gCéadaoin, 12 Nollaig 2012.

Beidh an tUachtarán mar aoi speisialta ag an mórsheoladh a bheidh ar siúl sa Leabharlann Náisiúnta ar Shráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 agus áit a gcuirfear clabhsúr le bliain cheiliúrtha Comhar @ 70.

Comóradh fad saoil an fhoilseacháin ag neart imeachtaí speisialta i mbliana a bhí tiomanta d’oidhreacht agus rath leanúnach phríomhfhoilseachán na litríochta Gaeilge a cheiliúradh. Reáchtáladh ócáid mhór le linn Fhéile Litríochta IMRAM i mí Dheireadh Fómhair agus ba é ‘Comhar @ 70: Borradh sa Litríocht’ an téama roghnaithe ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2012.

Baileoidh lucht litríochta na Gaeilge le chéile ag an ócáid speisialta ar an gCéadaoin le heagrán na Nollag a sheoladh agus clabhsúr ceart a chur leis an mbliain cheiliúrtha.

Seolfar Oilithreacht, cnuasach filíochta nua de chuid Chiaráin Uí Choigligh, ar an oíche freisin.

Is Stiúrthóir an MA Teagaisc i gColáiste Phádraig é an Dr Ó Coigligh a bhí mar rannpháirtí sa mhalartú cultúrtha Turas na bhFilí i mbliana. Seolfaidh Liam Ó Muirthile cnuasach nua an fhile mar chuid den tsraith ‘Téad na Fílíochta’.

Tuilleadh eolais: iriscomhar@gmail.com agus www.leabhaircomhar.com

© Foilsithe ar Gaelport 11 Nollaig 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Líon na stocaí Nollag le leabhair do dhaoine óga

Tabhair bronntanas na Gaeilge i mbliana

As na Nuachtáin: Cártaí Nollag as Gaeilge i gCeatharlach

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>