Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Maoiniú breise tugtha d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain ach ciorruithe eile fógartha

$
0
0
Cáinaisnéis 2013: Tabharfar ciste de luach is €3.4milliún d’Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2013 d’fhonn tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga mar atá beartaithe faoin Acht Gaeltachta. Dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley TD  sa Dáil Déardaoin 06 Nollaig go raibh an deis á thabhairt anois don Roinn leanúint uirthi “ag tabhairt tosaíochta do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge”.

Beidh an t-airgead curtha ar fáil chun an próiseas pleanála teanga a fheidhmiú i gcomhar leis na heagraíochtaí pobalbhunaithe sa Ghaeltacht.

Is cosúil gurb é seo an liúntas is mó a tugadh do gníomhaireacht ar bith i dtaca leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur chun cinn ó foilsíodh í  i mí na Nollag 2010.

Fógraíodh próiseas pleanála teanga faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag deireadh mhí Aibreán. Mar chuid den phróiseas seo beidh an Ghaeltacht roinnte i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith agus beidh plean teanga le réiteach ag gach ceantar.  Tá ráite ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta go mbeidh coincheap na Gaeltachta bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo.

Ag labhairt dó sa Dáil dúirt an tAire Stáit go mbeadh ciorrú idir 4 agus 5% ar bhuiséad reatha na Roinne Gaeltachta  agus go mbeadh ciorrú 10% ar bhuiséad caipitil na Roinne sa bhliain 2013.

Ciorruithe á gceilt

Chuir Sinn Féin i leith an Rialtais go raibh ciorruithe á gceilt acu maidir le buiséad Údarás na Gaeltachta sa bhliain romhainn. Fógraíodh ar lá na cáinaisnéise go mbeidh méadú beag ar bhuiséid caipitil an Údaráis ó €5.9m sa bhliain 2012 go dtí €6m ach tá ráite ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go mbeadh laghdú ar teacht isteach an Údaráis ó sócmhainní eile.

Tionchar an bhuiséid ar eagrais bheaga
Ó thaobh scéimeanna Gaeltachta de fógraíodh go mbeadh €6.7m le caitheamh ar bhuiséad reatha ar scéimeanna tacaíochta Gaeltachta. Beidh €4.1m le caitheamh ar scéimeanna tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Fógraíodh chomh maith go mbeadh ciorrú mór ar an maoiniú a bheidh á gcur ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge le fáltais ón gCrannchur Náisiúnta.

Tá an maoiniú sin íslithe de 25% don bhliain ó €200,000 go dtí €150,000. Bíonn an ciste sin mar fhoinse maoinithe ag eagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre ina measc Taibhdhearc na Gaillimhe, Gnó Mhaigh Eo, Gaillimh le Gaeilge agus Gael Taca i gCorcaigh.

Buiséad Fhoras na Gaeilge


Fógraíodh ciorruithe breise ar mhaoiniú Oifig an Choimisinéara Teanga (-5%) ; ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus ar mhaoiniú an Boord o Ulstèr-Scotch a thagann faoi scáth an Fhorais Teanga. Luadh go mbeadh €14.6m bronnta ar an bhForas Teanga sa bhliain 2013.

Dúirt an tAire Stáit go mbeadh €2m le sábháil faoin gComhoibriú Thuaidh/ Theas sa bhliain 2013 ach go raibh cead na n-Airí ó thuaidh agus ó dheas á lorg chuige sin.

© Foilsithe ar Gaelport.com 11 Nollaig 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Buiséad 2013: Ciorruithe de 5% i ndán do Roinn na Gaeltachta

As na Nuachtáin: €241k grant to help support Irish language (The Kerryman)

TG4 ar éileamh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>