An tseachtain seo beimid ag tabhairt deis iontach do dhuine cóip de na dlúthdhioscaí Teanga na nGael le Gráinne Holland & Jean’s Hill leis an bhfliúiteadóir Brendan Mulholland a bhuachan.
Is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste a seoladh na dlúthdhioscaí iontacha seo. Seoladh Teanga na nGael i mí Lúnasa anuraidh agus seoladh Jean’s Hill i mí Márta na bliana seo.
Is as Lann Abhaigh i gCo. Aontroma don cheoltóir iomráiteach Brendan Mulholland. Tá clú agus cáil ar Brendan mar fhliúiteadóir den scoth agus is minic a bhíonn sé ar stáitse in ionaid éagsúla timpeall na tíre agus níos faide i gcéin. Tá sé ina bhall den ghrúpa ceoil Craobh Rua. Seo é an chéad albam aonair atá déanta ag Brendan le meascán iontach de phoirt éagsúla.
Is amhránaí úr í Gráinne Holland ó iarthar Bhéal Feirste ar chiorcad an cheoil thraidisiúnta agus tá cumhacht ghutha aici atá láidir agus álainn san am céanna. Tá meascán iontach d’amhráin Ghaeilge, Ghaeilge na Alban agus Mhanainnise ar an albam seo Teanga na nGael.
Ina measc tá amhráin amhail An tSeanbhean Bhocht, Báta an tSíl seo amhrán as Oileán Bharraigh na hAlban, A Mhuire ‘s a Rí agus amhrán eile atá coitianta i Rann na Feirste Iníon an Bhaoilligh mar aon le go leor eile.
Bhí suim as cuimse aici sa cheol Gaelach ó aois a hóige i leith. Tógadh go dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge í agus chuaigh sí ar an chéad bhunscoil Ghaeilge sa chathair - ba anseo a céadchothaíodh an spéis atá aici sa cheol Gaelach.
Chan Gráinne ag na hionaid cheoil is fearr sa tír mar cheoltóir taca le daoine amhail Frances Black, Damien Dempsey, Sharon Shannon, Peter Corry agus The London Gospel Choir. Tá glór sainiúil, milis, mórthaibhseach aici, rud a fhágann go bhfuil máistreacht aici ar shuantraí agus ar gheantraí araon.
Ceist na seachtaine seo:
Cé as don amhránaí Gráinne Holland ?
• An Ómaigh
• Béal Feirste
• Dún Geanainn
• An tIúr
Seol freagraí agus ainm do scoile chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 17 Nollaig agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le hEoin Ó Murchú a bhuaigh duais an eagráin seo caite.
© Foilsithe ar Gaelport 11 Nollaig 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Iris Comhar mhí na Nollag le seoladh ag an Uachtarán
Líon na stocaí Nollag le leabhair do dhaoine óga
Tabhair bronntanas na Gaeilge i mbliana
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge