Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Béal Bocht ar fáil mar leagan grafach

$
0
0

Seoladh leagan grafach den mhórshaothar clasaiceach ‘An Béal Bocht’ le Myles na gCopaleen an tseachtain seo caite agus é ar fáil díreach in am don Nollaig!

Is é Colmán Ó Raghallaigh (Cló Mhaigh Eo) a chóirigh, Breandán Ó Conaire a chuir in eagar, agus John McCloskey a mhaisigh an leabhar álainn seo atá ar fáil anois ar www.leabhar.ie ar an bpraghas íseal de €12 le haghaidh cóip bhog agus €20 do chóip chrua.

Foilsíodh An Béal Bocht den chéad uair sa bhliain 1941 agus Myles na gCopaleen a d’úsáid Flann O’Brien mar ainm cleite air. Déanann an t-úrscéal cur síos magúil agus searbhasach ar chás na nGael ag tús na haoise nua, ag tagairt do shaothair ar nós ‘ An tOileánach’ le Tomás Ó Criomhthain agus ‘Peig’ le Peig Sayers, úrscéalta a bhfuil cáil orthu de bharr na síorchainte ar dheacracht an tsaoil sa Ghaeltacht.

Seo roinnt samplaí den mhaisiú máistriúil a léirítear san úrscéal:

 

 

Áis iontach é an t-úrscéal grafach seo a chuireann ar chumas foghlaimeoirí Gaeilge mórshaothar clasaiceach a léamh le cuidiú maisíochta. Bronntanas Nollag idéalach is ea é chomh maith do leantóirí an úrscéil agus dóibh siúd a bhfuil grá acu do litríocht chlasaiceach na Gaeilge, nó fiú mar leabhar éagsúil do dhuine ar bith!

 

© Foilsithe ar Gaelport 11 Nollaig 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Iris Comhar mhí na Nollag le seoladh ag an Uachtarán

Líon na stocaí Nollag le leabhair do dhaoine óga

Tabhair bronntanas na Gaeilge i mbliana

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>