Beidh roinnt rudaí suntasacha ar siúl in Éirinn sa bhliain 2013 ina measc beidh Tóstal na hÉireann agus ar ndóigh beidh Bliain na Gaeilge á cheiliúradh i rith na bliana agus chun tús spleodrach a chur le Bliain na Gaeilge 2013 beidh ceiliúradh mór i nDaingean Uí Chúis i gCiarraí ar oíche chinn bliana, 31 Nollaig 2012.
Cuirfear tús leis na himeachtaí ag Ceann an Ché ar an mbaile ag 9 a chlog áit a mbeidh ceol agus siamsaíocht den scoth le ceoltóirí áitiúla agus beidh an craoltóir aitheanta le RTÉ Raidió na Gaeltachta Pádraig Ó Sé ina fhear an tí. Beidh an iar-thráchtaire spóirt Micheál Ó Muircheartaigh mar aoi speisialta ag an ócáid seo áit a ndéanfaidh sé Bliain na Gaeilge 2013 a sheoladh go hoifigiúil ar an oíche.
Mar chuid den cheiliúradh beidh an leagan Gaeilge de Auld Lang Syne le cloisteáil ón slua agus beidh na focail á thaispeáint ar scáileán mhór agus anuas air seo beidh teachtaireacht speisialta na hathbhliana ó Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn a thaispeáint ar an scáileán mór ar an mbaile. Ina dhiaidh seo beidh taispeántas aoibhinn de thinte ealaíne mar a bhíonn sa Daingean gach bliain.
I dTír Chonaill beidh Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy faoi lán saoil i gceantar Ghaoth Dobhair áit a mbeidh imeachtaí éagsúla ar siúl - ina measc beidh Andy Irvine in Amharclann Dún Luiche ag 1:15pm.
Bronnfar gradam Francie Mooney agus déanfar ceiliúradh ar 40 bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta in Ionad Naomh Pádraig ag 3pm agus ansin beidh an t-amhránaí clúiteach ón mbanna ceoil na Hot House Flowers Liam Ó Maonlaí i gcuideachta An Chrann Óg, ceoltóirí as Tír Chonaill.
Ag 9:30pm cuirfear tús le siamsaíocht Oíche Chinn Bliana in Ionad Naomh Pádraig le ceol agus amhráin den scoth i gcuideachta Breanndán Begley , Steve Cooney agus Liam Ó Maonlaí áit a bhfágtar slán leis an tseanbhliain agus áit a gcuirfear tús bríomhar leis an athbhliain.
© Foilsithe ar Gaelport 11 Nollaig 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
An Béal Bocht ar fáil mar leagan grafach
Na dlúthdhioscaí ‘Teanga na nGael’ and ‘Jean’s Hill’ le buachan
Líon na stocaí Nollag le leabhair do dhaoine óga
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge