Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Lá na cinniúna d’eagrais Ghaeilge

$
0
0
Buailfidh airí ón Rialtas ó dheas agus ó thuaidh lena chéile in Ard Mhacha amárach, 12 Nollaig, mar a fhógrófar cinneadh maidir le todhchaí na n-eagras bunmhaoinithe Gaeilge. Tá roinnt de na heagrais tar éis díomá a léiriú nár tugadh an deis dóibh breathnú ar an bplean is déanaí atá beartaithe don earnáil roimh chruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).

Is é seo an múnla is déanaí atá molta ag Bord Fhoras na Gaeilge ó tugadh treoir don Fhoras sa bhliain 2009 athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge.

Tá an cuíchóiriú ar na 19 n-eagraíocht dheonacha Gaeilge, atá idir lámha ag Foras na Gaeilge ina cnámh spairne idir iad agus na heagrais ó shin i leith.

Múnla nua Maoinithe

Ag tús na míosa seo scríobh Fóram na nEagras Gaeilge chuig an Aire Stáit Dinny McGinley TD agus chuig an Aire Cultúir ó thuaidh Cáral Ní Chuilín MLA. Léiríodh díomá arís faoin easpa comhairliúcháin ar an múnla is déanaí atá molta ag an bhForas.

Ní bheidh cóip den mhúnla á chur faoi bhráid na n-eagras go dtí go mbeidh sé glanta ag an gCATT amárach in Ard Mhacha.

Dúradh sa litir go raibh an-bhuairt ann “nach raibh aon ionchur ag na heagrais bhunmhaoinithe sa phróiseas seo, próiseas ar a mbeidh impleachtaí tromchúiseacha mar thoradh air don earnáil, do na seirbhísí a sholáthraítear do phobal na Gaeilge agus do thodhchaí na Gaeilge ar oileán na hÉireann”.

Tá gearán ann chomh maith faoin mbealach ar tugadh faoin múnla seo a chur le chéile ó caitheadh an múnla conspóideach eile sna traipisí in earrach na bliana seo.

“ Bíodh is go raibh roinnt cruinnithe aonair, agus cruinnithe téamacha leis na heagrais, is mian leis an bhFóram é a chur ar an taifead nach raibh aon chomhairliúchán ceart déanta leis na heagrais i dtaca le haon mholadh/mholtaí nua maoinithe. Diúltaíodh d’iarratais idir Foras na Gaeilge agus an earnáil bhunmhaoinithe agus diúltaíodh go minic d’iarratais ar eolas breise”.

D’ainneoin sin, is cosúil go bhfuil Foras na Gaeilge ag ullmhú don chéad chéim eile sa phróiseas agus an tseachtain seo caite fuair ceannairí na n-eagras bunmhaoinithe litreacha ag iarraidh ar na heagrais gan conarthaí buana nó fadtéarmacha ar bith a aontú le páirtithe eile. 

Anuas air sin, tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite nuair a foilsíodh miontuairiscí ón gCoiste Stiúrtha, coiste atá comhdhéanta d’ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge agus ionadaithe ó na Ranna Urraíochta, ag an gcruinniú den Choiste sin den 19 Samhain 2012 gur “nótáladh nach raibh aon fhreagracht ar Fhoras na Gaeilge ná ar na Ranna urraíochta maidir le híocaíochtaí iomarcaíochta don fhoireann sna heagrais bhunmhaoinithe”

Cad atá sa mhúnla nua?

Cé go bhfuil diúltaithe ag Foras na Gaeilge aon ábhar i scríbhinn a chur ar fáil go dtí seo maidir leis an múnla nua maoinithe, tuigtear go mbaineann an múnla nua seo le comhpháirtíochtaí a fhorbairt le roinnt eagraíochtaí chun roinnt mór-réimsí oibre straitéiseacha a tha-bhairt chun cinn.

Is cosúil gur roghnaigh Foras na Gaeilge na mór-réimsí oibre seo i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, na Dréacht-Straitéise le Forbairt na Gaeilge a Chosaint agus a Fhea-bhsú ó thuaidh agus Acht na Gaeltachta 2012.

Tuigtear gurb iad seo a leanas na príomhréimsí atá roghnaithe ag an bhForas  ach nach bhfuil siad seo greanta i gcloch.

• Gaeloideachas
• Oideachas trí mheán an Bhéarla agus d’Aosaigh
• Forbairt Pobail
• Forbairt Gréasáin agus Deiseanna Úsáide Gaeilge don Óige
• Imeachtaí Tacaithe agus Úsáide Gaeilge
• Ardú Feasachta Teanga agus Ionadaíocht

Is ar bhonn croímhaoinithe a bheadh na réimsí oibre á maoiniú, agus bheadh de chead ag na príomheagraíochtaí conarthaí seirbhíse a bhronnadh ar eagrais eile do thréimhse nach fada ná 18 mí.

Ní bheadh Foras na Gaeilge ag súil go mbeadh aon chonarthaí seirbhíse fós i bhfeidhm tar éis Eanáir 2015, agus faoin am seo go mbeadh pé taithí, saineolas nó acmhainní a bheadh de dhíth ar fáil laistigh de na sé phríomheagraíocht.

Tuigtear nach bhfuil cuireadh faighte ag aon cheann de na heagrais a fheidhmíonn i dTuais-ceart Éireann amháin chun plé a dhéanamh le Foras na Gaeilge ar fheidhmiú mar phríom-heagraíocht in aon cheann de na sé réimse.

An tSamhail Nua Mhaoinithe

Bhí dhá phróiseas comhairliúcháin poiblí  ar mhúnla conspóideach ‘An tSamhail Nua Mhaoinithe’. 

I mí Bealtaine 2010, d'fhógair Foras na Gaeilge Samhail Nua Mhaoinithe, a bhí glanta i bprionsabal ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas. 

Punann scéimeanna a bhí i gceist:  scéim raidió áitiúil; scéim na n-ealaíon; scéim oideachais; scéim tacaíochta teaghlaigh; scéim chumasaithe pobal; scéim óige agus scéim abhcóideachta.

Léirigh Fóram na nEagras Gaeilge díomá faoin bhealach ar tugadh faoin gcomhairliúcháin poiblí a reáchtáladh Mí Dheireadh Fómhair  2010 agus nach raibh dóthain ama tugtha d’eagrais agus don phobal páirt a ghlacadh sa phróiseas.

Léirigh na heagrais díomá nach raibh an tsamhail bunaithe ar bhunphrionsabail na pleanála teanga agus go gcruthódh sé iomaíocht ghéar idir eagrais. Chomh maith leis sin léiríodh díomá nach raibh tuiscint ar fhealsúnacht na hearnála deonaí agus ról an tsaorálaí san obair dheonach.

Reáchtáladh próiseas comhairliúcháin breise in earrach na bliana 2012 agus d’fhoilsigh Comhchoiste Oireachais tuarascáil ar an ábhar i mí an Mheithimh 2012.

Sa tuairisc moladh gur cheart bunmhaoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí comhpháirtíochta chun soláthar a chothabháil do phobal na Gaeilge. Chomh maith leis sin moladh ann nár cheart go mbeadh scéimeanna á reáchtáil trí thairiscintí iomaíocha.

Luadh sa tuarascáil chomh maith go mbeadh impleachtaí ann do neamhspleáchas na n-eagras faoin tsamhail agus dúradh  gur mhéadaigh an tSamhail “an ceannas atá ag Foras na Gaeilge ar a gcuid acmhainní agus laghdaíonn sé neamhspleáchas na n-eagras maoinithe”.

 

©Foilsithe ar Gaelport.com 11 Nollaig 2012.
Íomhá le Daryl Mooney-Northern Ireland Executive/Flickr

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Ag cur fáilte roimh an Athbhliain
Maoiniú breise tugtha d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain

As na Nuachtáin: Work on gaelscoil to begin next year

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #pobail

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>