Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ababúna! Carachtair Chré na Cille ‘beo’ ar Twitter inniu

$
0
0
Cuirfear tús leis an gcéad ghiolcdhráma riamh beo ar Twitter inniu, 12 Nollaig, bunaithe ar script Chré na Cille le mór scríbhneoir ár linne Máirtín Ó Cadhain.

Is léir na cosúlachtaí idir chaint Chré na Cille a foilsíodh ar dtús sa bhliain 1949 agus stíl chumarsáide Twitter - idir shúgradh agus dáiríre, naimhdeas agus grá, suáilceas agus duáilce agus daoine ag caitheamh gan beannacht agus mallacht faoin spéir ar a chéile.

Lonnaithe faoin gcré i reilig áitiúil i gConamara, baineann an scéal le Caitríona Pháidín den chuid is mó, frithlaoch nimhneach, leithleasach a bhfuil nós aici rachtanna a scaoileadh aisti á rá go bpléascfaidh sí de thoradh chaint dhanartha na gcomharsan agus le dlúthphobal na tuaithe, dream coimeádach atá gafa le coinbhinsiúin chúnga na sochaí.

Bhí aithne mhaith ag na comharsana ar a chéile agus iad beo. Dá réir sin tuigeann siad nósanna a chéile go rí-mhaith agus iad caite le chéile arís faoin talamh, iad faoi ghlas don tsíoraíocht agus gan aon éalú as. Tá an t-úrscéal fréamhaithe go hiomlán sa dúchas agus ní bheadh tuiscint ná caidreamh idir na carachtair dá uireasa.

Ag tagairt don tsíorghiolcaireacht agus don chabaireacht a théann ar aghaidh san úrscéal, cuirfear tús leis an scéal inniu ó 2i.n. agus leanfaidh sé ar bhonn laethúil ar feadh cúpla seachtainí.

Ní do leantóirí Twitter amháin an giolcdhráma seo, is féidir leo siúd nach bhfuil cláraithe cluas éisteachta a thabhairt don chabaireacht trí súil a choimeád ar an liosta seo. Is féidir le daoine a bhfuil cláraithe ar Twitter cheana féin teacht ar na tuíteanna tríd an haischib #crénacille.

Rinne an comhlacht léiriúcháin ROSG athchóiriú ar bhunshaothar Uí Chadhain sa bhliain 2007 agus is sa mhúnla reacaireachta seo a bheidh an tuíteáil. Craolfar an scannán Cré na Cille mar chuid de sceideal na Nollag TG4 Dé Sathairn 15 Nollag.

Is é seo an chéad dráma Gaeilge a chuirfear faoi bhráid lucht Twitter agus is deis iontach é dóibh siúd nach bhfuil cur amach ró-mhaith acu ar an mbunscéal aithne a chur ar na carachtair ‘beo’ ar líonra sóisialta.

 

©Foilsithe ar Gaelport.com 12 Nollaig 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Béal Bocht ar fáil mar leagan grafach

Iris Comhar mhí na Nollag le seoladh ag an Uachtarán

Líon na stocaí Nollag le leabhair do dhaoine óga

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #CrénaCille


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>