Tá éileamh ar rogha pátrúnachta níos leithne i mbunscoileanna na tíre, dar leis an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Tá tuarascáil nua ar shuirbhé a rinneadh ar thuismitheoirí i gcúig cheantar foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna inniu. Ghlac 1,788 tuismitheoir a raibh leanaí réamhscoile agus bunscoile acu páirt sna suirbhéanna i mí Dheireadh Fómhair.
Rinneadh suirbhéanna san Inbhear Mór, i gCaisleán an Bharraigh, i dTrá Mhór, i mBaile Átha Troim agus i bhFionnbhrú mar chuid de fhreagra den Aire Oideachais agus Scileanna ar an bhFóram um Pátrúnacht agus Iolrachas in earnáil na mBunscoileanna
Tá gaelscoil i ngach ceann de na cúig bhaile cheana féin, ar féidir léi freastal ar an éileamh ar scoil Ghaeilge a tháinig chun cinn sa suirbhé.
Léiríonn an tuarascáil go raibh idir 37% agus 50% de na tuismitheoirí sna cúig cheantar ag lorg rogha pátrúnachta níos leithne.
Ós a choinne sin, bhí idir 35% agus 44% de na tuismitheoirí sásta leis an rogha a bhí acu.
'”Thug an suirbhé seo deis do thuismitheoirí an cineál scoile a theastaíonn uathu dá gcuid páistí a chur in iúl. Cé go bhfuil mórchuid daoine sásta leis na scoileanna atá ar fáil cheana féin ina gceantar, is léir go bhfuil daoine eile ag lorg rogha níos mó, " a dúirt an tAire Oideachais.
Maidir leis an rogha idir scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge, roghnaigh idir 70% agus 80%, nach mór, scoil Bhéarla, agus idir 10% agus 21% scoil Ghaeilge.
I gcás na dtuismitheoirí sin a dteastaíonn rogha pátrúnachta níos leithne uathu, ba é Educate Together céad rogha idir 56% agus 76% de thuismitheoirí, ba é An Foras Pátrúnachta céad rogha idir 6% agus 26% de thuismitheoirí agus ba iad na Coistí Gairmoideachais céad rogha idir 10% agus 18% de thuismitheoirí.
Tá se fógartha chomh maith go reáchtálfar suirbhéanna eile i gceantair eile i mí Eanáir 2013.
Foilsithe ar Gaelport.com 12 Nollaig 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Ababúna! Carachtair Chré na Cille ‘beo’ ar Twitter inniu
Lean an scéal seo agus @Gaelport.com ar Twitter.com: #gaeilge #oideachas