Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cumas sa Ghaeilge ag 13% de mhuintir an Tuaiscirt

$
0
0

Is iad Caitlicigh lonnaithe i gceantair dhíothacha ar na daoine is cumasaí i leith na Gaeilge de i dTuaisceart Éireann.

De réir staitisticí nua foilsithe ag an Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidrimh agus um Thaighde Dé Máirt seo caite, deir 29% de Chaitlicigh agus 2% de Phrotastúnaigh go bhfuil cumas éigin acu sa Ghaeilge, 13% de mhuintir Thuaisceart Éireann ina iomlán.

Ghlac 3,686 duine páirt sa Suirbhé Leanúnach Teaghlaigh 2011/12 a raibh bunaithe go hiomlán ar chumas agus úsáid na Gaeilge agus na hUltaise i dTuaisceart Éireann.

De réir Dhaonáirimh 2011, deir 11% (184,898) de mhuintir Thuaisceart Éireann go bhfuil cumas éigin acu sa Ghaeilge, 1% níos airde ná Daonáireamh na bliana 2001.

Ach ní ionann staitisticí an tsuirbhé agus staitisticí an Daonáirimh, mar gheall gur daoine os cionn 16 bhliain d’aois amháin a ghlac páirt sa suirbhé agus is orthu siúd os cionn 3 bhliain d’aois a bhunaítear torthaí an Daonáirimh.

Tugann an Suirbhé Leanúnach Teaghlaigh le fios go bhfuil tuiscint ar an nGaeilge ag 11%. Is féidir 6% í a labhairt, 5% í a léamh agus tá cumas scríobh na Gaeilge ag 5%.

Is i gceantair tuaithe ba mhó a léiríodh cumas sa Ghaeilge agus i measc daoine san aoisghrúpa 16-44.

Dúirt 1% de Chaitlicigh agus 0.5% de Phrotastúnaigh gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga sa bhaile agus úsáideann 4% de mhuintir Thuaisceart Éireann go sóisialta ó am go chéile í.

Léirigh 29% de Chaitlicigh agus 8% de Phrotastúnaigh, 18% san iomlán, spéis i bhfoghlaim na Gaeilge.

Eiseofar briseadh síos ar thorthaí an Daonáirimh 2011 an bhliain seo chugainn ina dtabharfar sonraí suntasacha maidir leis an cineál duine ag a bhfuil cumas acu sa Ghaeilge agus glacfar torthaí uile na suirbhéanna san áireamh agus straitéis don Ghaeilge á chur le chéile ag údaráis Thuaisceart Éireann.

©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Gaeloideachas

As na Nuachtáin: Majority of parents want school mergers

Foghlaim: Ranganna Gaeilge Éanna

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>