Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Aíonna Imbolc 2013 fógartha

$
0
0
Beidh an chomhdháil bhliantúil Imbolc á reáchtáil arís in 2013 ar 16 Feabhra san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí.

Comhdháil lae atá i gceist ina mbeidh cainteoirí ó chúlraí éagsúla ag déanamh roinnt cainte ar a gcuid taighde agus obair cheannródaíoch sa ghnó, sna healaíona agus i réimse na teicneolaíochta.

Tabharfaidh gach aoi caint ar fhad 20 nóiméad ar a ábhar féin agus tabharfar deis ag deireadh na comhdhála na hábhair ar fad a plé i ndíospóireacht oscailte.

Is iad na haíonna a leanas a bheidh ag caint ag an gcomhdháil:

Colm Mac Con Iomaire - Ceoltóir cumasach cáiliúil a sheineann an veidhlín, an méarchlár agus a chanann leis an mbanna ceoil The Frames

Bernard Dunne - Is iar-dornálaí proifisiúnta é Bernard a bhfuil Craobhtheideal For-choileachmheáchain an IBU, EBU agus WBA buaite aige. Ó d’éirigh sé as an dornálaíocht i 2010, bhí Bernard i mbun an cláir teilifíse Bernard Dunne’s Bród Club.

Kevin Scannell - Is ollamh le matamaitic agus ríomheolaíocht in Ollscoil San Louis, Missouri é Kevin. Tá cuid mhór taighde déanta aige ar mhionteangacha éagsúla agus ar an nGaeilge go háirithe; tá litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach forbartha aige.

Trevor Sargent - Bhí Trevor Sargent mar Cheannaire ar an gComhaontas Glas agus T.D. do Bhaile Áth Cliath Thuaidh ó 1992 go 2011. Anois is scríbhneoir garraíodóireachta é.

Audrey Lynch - Iníon léinn dlí in UCC a bhuaigh an gradam mór le rá Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2012 sna Ceithre Cúirteanna.

Annraoi de Paor - Ollamh Emeritus le UCD agus ball é d'Acadamh Ríoga Éireann é Annraoi, agus tá moll mór de pháipéir léannta agus leabhar amháin foilsithe ar a thaighde innealtóireachta.

Tá costas €25 ar ghnáth-thicéad agus €15 ar thicéad do mhic léinn, seanóirí agus daoine atá dífhostaithe. Beifear ag fógairt tuilleadh cainteoirí go luath mar sin coinnigh súil ar www.imbolc.ie.

 

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 19 Nollaig 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Cumas sa Ghaeilge ag 13% de mhuintir an Tuaiscirt

Éileamh ar éagsulacht i mbunscoileanna na tíre

Ráiteas Ruairí Quinn ina ábhar conspóide ar líne arís

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>