Déanann an córas scrúdaithe seo atá ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1), tástáil ar chumas scríbhneoireachta, cluastuisceana agus léamhthuisceana fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge.
Tá an scrúdú C1 feiliúnach do dhaoine atá ag feidhmiú go laethúil trí mheán na Gaeilge agus ar mhian leo cruthúnas a fháil ar a gcuid ardscileanna cumarsáide. Deimhníonn an teastas gur féidir le duine feidhmiú trí mheán na Gaeilge go líofa, spontáineach agus neamhspleách.
I measc na ndaoine gairmiúla a bhaineann teastas amach, bíonn oifigigh Ghaeilge ón earnáil phoiblí, múinteoirí bunscoile agus meánscoile, teagascóirí Gaeilge ar an tríú leibhéal, iriseoirí Gaeilge agus daoine ó ghairmeacha beatha eile.
I mbliana cuireadh gné sa bhreis i bhfeidhm sa scrúdú C1 agus is é sin gur féidir le hiarrthóirí an scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus páirt chreidiúint TEG a bhaint amach a bhaineann le scileanna cainte amháin.
Is é an 7 Eanáir an spriocdháta d’iarratais. Is féidir teacht ar gach eolas ar www.teg.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 19 Nollaig 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Cinneadh faoi Thodhchaí na nEagras le fógairt san athbhliain
Cumas sa Ghaeilge ag 13% de mhuintir an Tuaiscirt
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge