Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Séasúr na Nollag ar TG4

$
0
0

Agus aimsir na Nollag tagtha – tá na stocaí Nollag á líonadh, tá an crann Nollag thuas agus tús curtha le ullmhúcháin d’fhéasta Lá Nollag ach is cinnte go bhfuil muid ar fad ag súil le briseadh beag lenar scíth a ligean cois tine.

Tá sceideal Nollag iontach ullmhaithe ag TG4 chun go mbeidh siamsaíocht den chéad scoth ar fáil ar an gcainéal don tsaoire go léir. Beidh clár ann do gach duine idir cheol, spórt agus chláir fhaisnéise.

Más ceol agus damhsa a thaithíonn leat, beidh Síle Ní Bhraonáin agus a comhluadar ceoil ag ceiliúradh na Nollag i dteach tábhairne O’Connor i mBóthar na Trá in eagrán speisialta – ‘An Nollaig Linn’ ag 8.50i.n. ar 22 Nollaig.

Rachaidh damhsóirí ó cheann ceann na tíre san iomaíocht sa bhabhta ceathrú ceannais den ‘Jig Gig’ ar siúl ag 7.15 ar 23 Nollaig agus ar an oíche chéanna beidh clár speisialta na Nollag eile á chur i láthair ag Síle Ní Bhraonáin as Óstán an Crown Moran i Cricklewood, Londain ag 8.30in.

Níos déanaí san oíche, casfaidh Tríona agus Maighread Ní Dhomhnaill, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Moya Brennan cuid de na hamhráin Nollag is fearr leo féin sa chlár ‘Nollaig na Maggies’ ag 10i.n.

Ar Lá Nollag ag 5i.n, mar is gnáth craolfar buaicphointí chomórtas ‘Steip’ ag a bhí ar siúl i rith Oireachtas na Samhna 2012 agus ag 9.15i.n. déanfar ceiliúradh ar leathchéad bliain na Dubliners le ‘Geantraí na Nollag’.

Ó thaobh na faisnéise de, scrúdóidh an clár ‘Faoi Gheasa ag The Quiet Man’, a chraolfar ar lá Nollag, scéal iontach an scannáin a léirigh an ceannródaí, John Ford, i gConamara 60 bliain ó shin.

Sár-scannán eile a bheidh faoi chaibidil ag ‘Mise Éire - Lorg na gCos’ ina ríomhann an stiúrthóir aitheanta George Morrison a chuimhní ar an saothar iontach sin.

Tugann ‘An Nollaig Fadó’ siar ar bhóithrín na cuimhne muid freisin agus ar thraidisiún na Nollag mar a bhí in Éirinn sula raibh aon Tíogar Ceilteach ann. Beidh fear Inis Mór ag dul chuig an bpost freisin lena Litir ó Mháirtín Jaimsie ina gcaitheann sé súil siar ar a shaol eachtrúil.

Beidh neart spóirt á chraoladh thar an Nollaig freisin, le ‘Rugbaí Beo’, curtha i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus ‘Cluichí na Bliana’ a dhéanann siúl siar ar na cluichí peile is suntasaí sa bhliain 2012.

Ar 30 Nollag, craolfar clár speisialta faoi Mhícheál Ó Muircheartaigh agus ar lá caille, déanfaidh an clár faisnéise ‘Hill 16’ cur síos ar an stair fhada a bhaineann leis an gcnoc is ísle in Éirinn.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Nollaig 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: ‘Cheers’ to TG4 remake

As na Nuachtáin: Litir ó Mháirtín Jaimsie

Aíonna Imbolc 2013 fógartha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>