Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Foghlaim scileanna scríbhneoireachta le Ré Ó Laighléis

$
0
0

Beidh Bunchúrsa Lae i Scríobh agus Saothrú an Ghearrscéil á reáchtáil ag Áras na Scríbhneoirí, Dé Satharn, 9 Feabhra 2013 idir 10.30i.n. agus 4.40i.n.

Tá an cheardlann seo mar chuid de shraith cúrsaí a chuireann Áras na Scríbhneoirí ar fáil ar mhaithe le tacaíocht a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus is é an scríbhneoir iomráiteach Ré Ó Laighléis a bheidh i mbun stiúrthóireachta ar an lá. Cúrsa do thosaitheoirí is ea é a dhíríonn ar struchtúr agus na bun-eilimintí i scríobh an ghearrscéil.

Déanfar saothrú ó thús ar ábhar ag baint úsáid as eilimintí an struchtúir, an phlota agus tréithe na gcarachtar.

Díreofar ar úsáid an chomhrá leis an gearrscéal a chur i láthair agus tabharfar deis do rannpháirtithe a stíl phearsanta agus a gcuid smaointe a fhorbairt. Iarrfar ar rannpháirtithe gan obair réamhscríofa a thabhairt leo go dtí an cheardlann.

Tá cáil bainte amach ag Ré Ó Laighléis i measc phobal na Gaeilge mar scríbhneoir dátheangach don léitheoir óg, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Tá neart duaiseanna liteartha bainte amach aige in Éirinn agus go hidirnáisiúnta dá shaothar, idir ghearrscéalta agus úrscéalta, drámaí agus obair don scáileán.

Tá costas €50 ar an gceardlann (€45 do bhaill) agus is féidir spás a chur in áirithe trí ghlaoch nó ríomhphost a chur chuig Áras na Scríbhneoirí - 01-8721302, info@writerscentre.ie.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 10 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Spriocdháta Chomórtas Filíochta Bhéal Átha na mBuillí ag druidim

Spriocdháta don gComórtas Amhrán Pan Cheilteach

Cúrsaí: Scoláireachtaí Printíseachta

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge @irishwritersctr


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>