Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ardchaighdeán léiriúcháin TG4 aitheanta ag IFTA

$
0
0
Fógraíodh le déanaí go bhfuil sé ainmniúchán déag faighte ag TG4, idir chláir agus phearsantachtaí, ar ghearrliosta Ghradaim IFTA 2013.

D’éirigh leis an stáisiún Gaeilge ainmniúcháin a bhaint amach i ndeich gcatagóir éagsúla i mbliana, Clár Faisnéise (Congo 1961) agus Clár Spóirt (Jump Boys) ina measc.

Ainmnítear saothar TG4 ar ghearrliosta na ngradam scannánaíochta agus teilifíse, atá curtha le chéile ag saineolaithe ó thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn agus i gcéin, gach bliain ach is éacht ar leith é sé ainmniúchán déag a bhaint amach i mbliana. Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir, “Táimid an-bhródúil as an líon ainmniúchán a fuaireamar ar ghearrliosta na bliana seo, go háirithe i réimse na faisnéise agus an spóirt. Is móide ár sásamh gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú,” a dúirt sé.

Tá Carrie Crowley (Rásaí na Gaillimhe) ainmnithe i gcatagóir an bhan-aisteora agus moladh Faoi Gheasa ag an Quiet Man do Dhuais George Morrison do shaothar fada faisnéise.

D’éirigh le Jockey Eile agus Ó Tholg go Tolg áit a bhaint amach ar an ngearrliosta (Clár Réilifíse agus Clár Teilifíse don Óige) mar aon le Congo 1961, Lón sa Spéir agus Rásaí na Gaillimhe a ainmníodh i gcatagóir Dhuais Speisialta na Gaeilge.

Duaiseanna Scile a dhéanann sé ainmniúchán déag TG4 a chomhlánú agus pearsantachtaí de chuid an stáisiúin san iomaíocht don Stiúrthóir Grianghrafadóireachta (Teilifís), Eagarthóireacht (Teilifís) agus Fuaim (Teilifís).

Bronnfar na gradaim ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath ar 9 Feabhra ar a bhfreastalóidh na daoine is mó ón tionscal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Spriocdháta Chomórtas Filíochta Bhéal Átha na mBuillí ag druidim

Foghlaim scileanna scríbhneoireachta le Ré Ó Laighléis

As na Nuachtáin: Dúradh go meadh dúrú ann…

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge @TG4TV


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>