Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Éigse na Brídeoige 2013

$
0
0
Agus lá Fhéile Bríde buailte linn arís i mbliana beidh Éigse na Brídeoige ar súil in Uíbh Ráthach Co. Chiarrai idir an 1 - 3 Feabhra 2013.

Is é seo an t-aonú bliain is fiche as a chéile a bhfuil Éigse na Brídeoige á reáchtáil ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Don 21ú hÉigse seo, beidh an Éigse ag filleadh ar Bhríd féin mar théama, go háirithe ar Bhríd mar naomhphátrún nó bandia na n-ealaíon. Beidh idir léachtaí, cheol, rince agus chaibidil le cuairteoirí ón nGailís agus muintir Uíbh Ráthaigh ar siúl ar feadh dheireadh seachtaine na Brídeoige.

Cuirfear tús leis na himeachtaí ar an Aoine 1 Feabhra 2013 i Halla Chathair Dónal ag 7.00pm. áit a mbeidh an oscailt Oifigiúil leis an fhile aitheanta Bríd Ní Mhoráin, leanfar le taispeántas scannán: Éigse na Brídeoige 1993. Ansin beidh léacht Bríd agus an tEarrach in Amhráin na nDaoine le Tim Dennehy agus cuirfidh seisiún amhránaíochta críoch leis an oíche.

Ar an Sathairn, 2 Feabhra beidh léacht leis an Dr Ríonach Uí Ógáin in Ionad na Dromod, an Chillín Liath ag 10.30am. agus ag 11.30am beidh filíocht le Biddy Jenkinson, Bríd Ní Mhóráin agus Paddy Bushe.

Ag 2.30pm. beidh seimineár le Jimmy Deenihan, T.D., Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Eibhlín de Paor, Áisitheoir Ealaíne le Údarás na Gaeltachta, An Comhairleoir Jim Finucane, Cathaoirleach, Seirbhís Oideachais Chiarraí, John O’Donoghue, iar-Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, agus Fíona de Buis, Cathaoirleach Chumann Scéine, iar-Stiúrthóir agus iar-Chathaoirleach Choiste Bainistíochta Tech Amergin.m, hillwalking, energy etc.

Níos déanaí sa tráthnóna sa Waterville Lake Hotel beidh ceolchoirm na hÉigse le Pádraig Ó Sé (RnaG) & a chlann, Tim Dennehy, Máire Breathnach agus aíonna eile.

Ag 11.00am. ar an Domhnach 3 Feabhra beidh Aifreann na hÉigse i Séipéal Naomh Mhichíl, Baile ’n Sceilg, craolfar an tAifreann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh ‘Brídeog na nÓg’ ag teacht le chéile agus taispeántas le bunscoileanna an cheantair agus ceoltóirí áitiúla eile ag 2.30pm. i Halla Bhaile ’n Sceilg áit a gcuirfear clabhsúr leis an Éigse.

Clár iomlán na féile anseo

Tuilleadh eolais: Fíona de Buis 0872931463, www.eigsenabrideoige.com

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Foghlaim scileanna scríbhneoireachta le Ré Ó Laighléis

Ardchaighdeán léiriúcháin TG4 aitheanta ag IFTA

Féilire: Translations le Brian Friel ar stáitse

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>