Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Deis do phrintísigh le Gaeilge á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta

$
0
0

Ar mhian leat cáilíocht mar cheardaí a bhaint amach?

Tá Údarás na Gaeltachta ag cur scoláireachtaí dar luach níos mó ná €2,000 le dul i mbun printíseachta le rogha de 21 ceird.

Deis d’iarrthóirí Gaeltachta atá sna scoláireachta seo. Bíonn na printísigh fostaithe le comhlacht nó le conraitheoir aitheanta le linn thréimhse na hoiliúna agus iad ag freastal ar chúrsaí atá á n-eagrú ag FÁS nó le coláistí tríú leibhéal aitheanta. Is féidir le hiarrthóirí a rogha a dhéanamh as na ceirdeanna a leanas:

Meicneoir Talmhaíochta
Meicneoir Eitleáin
Bríceadóireacht & Clochadóireacht
Cearpantóir/ Siúinéir
Feisteoir Gléasra Tógála
Leictreoir
Feisteoir
Tíleoir Balla/Urláir
Meicneoir Feithiclí Troma
Ionstraimíocht
Ionstraimíocht Leictreach
Oibrí Miotail
Meicneoir Gluaisteán
Péintéir/Maisitheoir
Pláistéir
Pluiméir
Meáin Chlóite
Cuisniú & Aerchóiriú
Oibrí Miotal Leatháin
Uirliseoir
Deisitheoir Cabhlach Feithicle
Crúdóireacht Capall
Insliú Tionsclaíoch
Ceardaí Córas Slándála Leictreonach
Déantúsaíocht agus Bailchríochnú Adhmaid

Ní mór d’iarrthóirí a bheith líofa sa Ghaeilge agus a bheith sé bliana déag d’aois ar a laghad. Is gá ceann amháin ar a laghad de na bun-cháilíochtaí seo a leanas a bheith bainte amach acu:

a) Teastas Grúpa/Meánteastas/Teastas Sóisearach, le pas i gcúig ábhar nó a chomhionann. (Tá matamaitic riachtanach i gcás printíseachtaí áirithe).

b) Réamhchúrsa printíseachta atá aitheanta ag FÁS.

c) Os cionn 25 bliain d'aois agus taithí aitheanta acu sa cheird le trí bliana.

Is gá le cumas matamaitice i bhformhór na gcúrsaí seo.

Is é 8 Feabhra 2013 an spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe. Le haghaidh gach eolas téigh chuig www.udaras.ie/printiseachtai nó is féidir glaoch ar 091 503139 / 091 503121.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cúrsaí: Ranganna Gaeilge Labhartha in Áras Chrónáin

Cúrsaí: Cúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia

Cúrsaí: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú Cainte Ardteiste

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>