Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scoth na gceoltóirí le dul san iomaíocht i gComórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada

$
0
0
Is in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh a bhaileoidh na mínphíobairí agus cláirseoirí an Aoine seo, 18 Eanáir 2013, do chraobh Bhonn Óir Sheáin Uí Riada.

Ghlac scoth na gceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta páirt i gcomórtas na bliana seo agus is iad na píobairí agus na cláirseoirí ab fhearr ón ngrúpa sin a roghnaíodh don chraobh. Tá idir cheoltóirí óga agus aosta, Éireannaigh agus Albanaigh, san iomaíocht don bhonn óir agus anuas air sin don €1,250 a bhronnfar ar an bpíobaire agus ar an gcláirseoir a mbeidh an bua acu.

Cruthaitheacht, ceolmhaireacht agus cruinneas teicniúil na n-iomaitheoirí a bheidh mar ghnéithe tosaíochta i dtaobh na moltóireachta de, a dhéanfaidh na píobairí Mick O’Brien as Baile Átha Cliath agus Ailean Dòmhnallach as Albain agus an cláirseoir Laoise Kelly as Maigh Eo.

Déanfar an chraobh a chraoladh beo ar an gclár Cuireadh Chun Ceoil ar Raidió na Gaeltachta. Is e Peadar Ó Riada a chuireann Cuireadh Chun Ceoil i láthair agus seo an tríú bliain dó Comórtas Bhonn Sheáin Uí Riada a reáchtáil ar an gclár aige.

Tá ticéid do lóistín san óstán agus cead isteach chuig an gcomórtas le ceannach ar €40 ó Óstán an Rochestown Park 021 489 0800.

Déanfar an chraobh a chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta agus www.cuireadhchunceoil.ie ar an Aoine, 18 Eanáir ó 7-9pm.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Éigse na Brídeoige 2013

Féilire: Taispeántas Ealaíona i mBaile Mhúirne

Féilire: Translations le Brian Friel ar stáitse

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>