Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ceolchoirm mhór i gcuimhne Mhuirís Uí Rócháin

$
0
0
Ar an Satharn seo chugainn 19 Eanáir beidh ceolchoirm mhór i gcuimhne Mhuiris ar siúl san Armada Hotel i Rinn na Spáinneach i gContae an Chláir.

Bhí Muiris Ó Rócháin ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Samhraidh Willie Clancy a bhíonn á reáchtáil i Sráid na Cathrach gach samhradh.

Ar an oíche beidh scoth na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na ndamhsóirí a bhfuil baint acu leis Scoil Shamhraidh Willie Clancy le blianta anuas agus daoine a raibh aithne mhaith acu ar Mhuiris ag dul chun stáitse. Ar an oíche déanfaidh siad cuimhne ar a ndlúthchara Muiris, fear a raibh grá aige don teanga, don litríocht agus don cheol agus a fuair bás i mí Dheiridh Fómhair 2011.

I measc na n-aíonna beidh an píobaire Mick O Brian, Mick Mulcahy agus damhsóirí as iarthar Chontae an Chláir, Charlie Harris, an damhsóir Pádraig Ó hOibicín, Seamús Ó Beaglaoich agus Oisín Mac Diarmada, Éamonn agus Geraldine Cotter, Martin Burke, Liam O Connor, an boscadóir as Conamara Jonny Connolly, Jimí Ó Ceannabháin, mar aon le John Kelly a bheidh ag seinm le mac Mhuiris an ceoltóir Seamús Ó Rocháin mar aon le go leor eile.

Ar stáitse freisin beidh ceoltóirí óga as Sráid na Cathrach, daoine óga a thosaigh amach leis an gceol de bharr an tionchair a bhí ag Scoil Samhraidh Willie Clancy orthu.

Cuirfear tús leis an siamsaíocht ag 8:00pm.

Tá costas €20 ar thicéid agus tá ticéid ar fáil i siopaí áirithe i Sráid na Cathrach nó ó Ghlór in Inis ag ar www.glor.ie nó téigh i dteagmháil leo ag 065 6843103.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Éigse na Brídeoige 2013

Féilire: Ranganna rince ar an sean-nós-Club Árus na nGael

Féilire: Ó Bheal-filíocht le Bernadette Nic an tSaoir

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>