Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre. Le linn an tseimineáir pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.
Go dtí seo reáchtálamar seimineáir éagsúla ar fud na tíre. Tá na seimineáir á n-eagrú le breis is ceithre bliana agus go dtí seo bhí an-tóir orthu.
Rinne na seimineáir seo freastal ar 201 iar-bhunscoil agus suas le 6,453 dalta scoile timpeall na tíre go dtí seo.
Ar an gCéadaoin , 27 Feabhra 2013 beifear ag díriú ar dhaltaí scoile i Maigh Eo, Sligeach agus Ros Comáin nuair a bheidh an seimineár ag tabhairt cuairte ar Bhéal an Átha i gCo. Mhaigh Eo.
Ar an Déardaoin 28 Feabhra beidh an seimineár ag triall ar Thír Chonaill agus is in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn a bheidh daltaí scoile as Tír Chonaill, Doire, Fear Manach agus Tír Eoghain ar an lá chun cluas le héisteacht a thabhairt do chainteoirí den scoth.
I measc na gcaointeoirí beidh an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Caitlín Uí Chlochláin atá ag obair mar Chomhordaitheoir Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, an Peileadóir idirchontae Eamon Mac Aoidh mar aon le Dermot Mc Laughlin atá ina Stiúrthóir Tionscadail Ceathrú Cultúrtha 2013.
Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus rachaidh taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.
Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.
Beidh na seimineáir á reáchtáil sna réigiúin seo a leanas tar éis bhriseadh an tsamhraidh:
Cora Droma Rúisc, Co Liatroma – Dé Céadaoin, 16 Deireadh Fómhair 2013
Gaillimh – Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair 2013
Silver Springs Moran Hotel, Cathair Chorcaí - Dé Céadaoin, 13 Samhain 2013
The Malton Hotel, Cill Airne, Co Chiarraí - Déardaoin, 14 Samhain 2013
Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, déan teagmháil go luath le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge: +353 (0)1 679 4780 / R: eolas@gaelport.com nó téigh chuig: www.gaelport.com/bbnag.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Eanáir 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Cruinniú práinneach maidir le stádas COGG
As na Nuachtáin: Campaign for small schools to continue
As na Nuachtáin: School patron survey opens to parents
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #BBnaG