Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Craoltóireacht sa ré dhigiteach le plé ag ceardlann raidió sa BAI

$
0
0
Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhpháirt le hÚdarás Craolacháin na hÉireann ag reáchtáil ócáid chraoltóireachta dar teideal ‘Ar bharr an sceidil: Craoltóireacht sa ré dhigiteach’ ar 30 Eanáir 2013 ag 10.30 rn – 12.00in.

Ócáid neamhfhoirmiúil a bheidh ann agus tá i gceist go bpléifear na dúshláin agus na deiseanna is mó atá ann don chraoltóireacht raidió trí Ghaeilge tráth a bhfuil borradh mhór faoin gcraoltóireacht ar líne agus faoi aipeannna raidió.

Reáchtálfar ceardlann eolais ina bhfuil painéal d’aoichainteoirí deimhnithe a bhfuil taithí craoltóireachta na mblianta acu, ina measc: Barbara Nic Dhonnacha (iRadio), Traic Ó Braonáin (Raidió RíRá), Cearbhall Ó Síocháin (Raidió na Gaeltachta) agus Cian Mac Cárthaigh (Raidió na Life).

Déanfaidh na craoltóirí seo roinnt cainte faoina dtaithí san earnáil agus ina dhiaidh sin, beidh fáilte roimh cheisteanna de gach chineál maidir leis an gcraoltóireacht raidió sa bhliain 2013.

Chomh maith leis sin seolfar sceideal náisiúnta na gclár Gaeilge. Áis nua is ea an sceideal a bheidh ina chabhair don té atá ag iarraidh teacht ar eolas maidir leis na cláir Ghaeilge go léir a bhíonn ar an aer gach lá.

Tá an ócáid á reáchtáil mar chuid de chlár tacaíochta na seirbhíse digití COGAR atá maoinithe ag an BAI. Tá sé mar sprioc ag Cogar úsáid na Gaeilge ar an raidió a chur chun cinn agus craoltóirí raidió na tíre a chur ar an eolas maidir le forbairtí i saol na Gaeilge.

Tá i gceist gur ócáid idirghníomhach a bheidh ann agus beidh beotuíteáil ann ar an ócáid agus ar na ceisteanna a bheidh idir chamáin ag na craoltóirí sna meáin shóisialta ar Twitter agus ar Facebook.

Tá fáilte roimh chách freastal ar an ócáid a bheidh ar siúl in Oifigí Údarás Chraoltóireachta na hÉireann, 2-5 Plás Warrington, Baile Átha Cliath 2, nó páirt a ghlacadh sa phlé ar Twitter ar an haischlib #sceideal13 agus trí @Cogar_ie a leanúint.

Níl ach líon áirithe spásanna ar fáil don ócáid mar sin ní mór clárú trí ríomhphost a sheoladh chuig sibeal@comhdhail.ie roimh an Déardaoin 24 Eanáir, 2013.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Aimsigh an cúrsa Gaeilge is fearr duitse le Gaelport.com

Cúrsaí: Cúrsa Cumarsáide do dhaltaí Idirbhliana

Tóstal na Gaeilge 2013 le reáchtáil i mBÁC i mí Feabhra

Lean @Cogar_ie agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #sceideal13


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>