Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á chur ó mhaith toisc nach bhfuil ról ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na Straitéise, dar le Conradh na Gaeilge.
Tá na heagrais ag moladh go gcuirfí aonad pleanála ar bun lena cinntiú go mbeidh sealbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Tá iarrtha ag an gConradh ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta "An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun chuige sin."
Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge sa bhliain 2010 agus is é an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá freagrach as cur i bhfeidhm na Straitéise ach tá baint ag gníomhaireachtaí stáit eile leis chomh maith.
Ghlac an Rialtas an cinneadh i mí Bealtaine 2011 go mbeadh ról ag Foras na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta chomh maith le páirtnéirí Stáit ábhartha.
Ina theannta sin, tá Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ag déanamh maoirseoireachta ar an Straitéis agus tá grúpa oifigeach sinsearach ag tacú leis an gcoiste rialtais.
Chomh maith leis sin, tá grúpa idir-rannach ag déanamh comhordú ar an straitéise agus tá aonad straitéise sa Roinn freagrach as pleanáil agus feidhmiú na Straitéise.
Tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis atá ag plé le cúrsaí oideachais; infheistíocht fiontraíochta sa Ghaeltacht agus tá grúpa oibre eile ag obair ar chomhordú idir na comhlachtaí poiblí.
Sa mhúnla atá molta ag Conradh na Gaeilge chuirfeadh na coistí idir-rannach, tuairiscí os comhair an aonaid pleanála agus dhéanfaí na cinntí ansin a bheadh molta don Aire Gaeltachta le glacadh leo nó le diúltú leo.
Pléifear an cheist ag cruinniú poiblí a bheidh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Menlo Park, i gcathair na Gaillimhe ar an Aoine 1 Feabhra 2013 ag 3i.n..
Tá na heagrais ag moladh go gcuirfí aonad pleanála ar bun lena cinntiú go mbeidh sealbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Tá iarrtha ag an gConradh ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta "An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun chuige sin."
Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge sa bhliain 2010 agus is é an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá freagrach as cur i bhfeidhm na Straitéise ach tá baint ag gníomhaireachtaí stáit eile leis chomh maith.
Ghlac an Rialtas an cinneadh i mí Bealtaine 2011 go mbeadh ról ag Foras na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta chomh maith le páirtnéirí Stáit ábhartha.
Ina theannta sin, tá Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ag déanamh maoirseoireachta ar an Straitéis agus tá grúpa oifigeach sinsearach ag tacú leis an gcoiste rialtais.
Chomh maith leis sin, tá grúpa idir-rannach ag déanamh comhordú ar an straitéise agus tá aonad straitéise sa Roinn freagrach as pleanáil agus feidhmiú na Straitéise.
Tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis atá ag plé le cúrsaí oideachais; infheistíocht fiontraíochta sa Ghaeltacht agus tá grúpa oibre eile ag obair ar chomhordú idir na comhlachtaí poiblí.
Sa mhúnla atá molta ag Conradh na Gaeilge chuirfeadh na coistí idir-rannach, tuairiscí os comhair an aonaid pleanála agus dhéanfaí na cinntí ansin a bheadh molta don Aire Gaeltachta le glacadh leo nó le diúltú leo.
Tá molta go mbeadh ionadaithe ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; ó Fhoras na Gaeilge; Údarás na Gaeltachta; ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag glacadh páirte san aonad agus go mbeadh saineolaí aitheanta pleanála teanga ann chomh maith le hionadaithe ó eagrais phobail.
Deirtear sa cháipéis atá curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge go bhfuil gá “teacht chun tosaigh ar na cinntí agus tionchar dhíreach a imirt chun go mbeidh na cinntí aontaithe idir an pobal agus na húdaráis le chéile”
“Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra. Tá an t-aitheantas agus an ionadaíocht chéanna uainn.”.
©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Eanáir 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo:

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge