Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Tús curtha le cath na n-amhrán Gaeilge

$
0
0
Cuireadh gearrliosta de 20 amhrán le chéile an tseachtain seo do chomórtas Amhrán na hÉireann mar chuid den Fhéile Pan Cheilteach 2013.

Duais €1,000 a bhronnfar ar bhuaiteoir an chomórtais agus rachaidh an t-amhrán buaiteach ar aghaidh le dul in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ag Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, An Choirn agus An Bhriotáin chun an Corn Pan Cheilteach a chrochadh leis. Beidh duais €200 ag dul don dara háit agus €100 don tríú háit sa chomórtas náisiúnta.

Tháinig breis is caoga iarratas isteach don chomórtas náisiúnta leis na hiomaitheoirí sin scaipthe ar fud na tíre, Corcaigh, Ciarraí, Doire, Ceatharlach, Tír Chonaill, Baile Átha Cliath, an Clár agus Tiobraid Árann ina measc. Ach ní rachaidh ach 20 amhrán san iomaíocht ag Comórtas Náisiúnta na nAmhrán an Pan Cheilteach a bheidh ar siúl ar an Déardaoin, 7ú Feabhra 2013 ag Óstán an Seven Oaks i gCeatharlach.

Cuirfidh an láithreoir teilifíse, Daithí Ó Sé an ócáid i láthair agus déanfar breithiúnas ar chaighdeán na liricí, máistreacht an cheoil agus cur i láthair. Osclófar na doirse ag 7.30i.n. agus cuirfear tús le himeachtaí ag 8.00.

Tá fáilte roimh chách freastal ar an ócáid ach moltar ticéid a chur in áirithe de bharr an éilimh a bhí ar thicéid ag comórtas na bliana seo caite. Tá na ticéid ar luach €10 iad ar fáil ó Amharclann G. B. Shaw amháin.

Anuraidh, rinne Meadbh Ní Bheaglaoich agus Muintir Chrónáin ionadaíocht ar son na tíre leis an amhrán ‘An Síol’. I mbliana táthar ag súil go leanfar leis an ardchaighdeán agus go mbuafaidh an t-amhrán Éireannach príomhdhuais na féile.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a chur chuig pancelticcarlow@gmail.com.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 24 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Bonn Óir Sheáin Uí Riada bronnta

Joe John Mac Con Iomaire ceaptha mar amhránaí cónaitheach Sean-nóis

Éigse na Brídeoige 2013

Lean an scéal agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945