Cuirfidh Gaillimh le Gaeilge fáilte roimh chomhlachtaí agus eagraíochtaí áitiúla ar mian leo páirt a ghlacadh i nGradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana seo chuig tráthnóna eolais a reáchtálfar ar Dé Máirt, 29 Eanáir 2013.
Ainmníodh an Gradam in onóir an Uasail Sheosaimh Uí Ógartaigh, ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.
Sprioc an chomórtais ná comhlachtaí áitiúla a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina gcuid oibre laethúil. Eagraítear an comórtas gach bliain i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le Cumann Tráchtála na Gaillimhe ag léiriú go bhfuil cathair na dtreabh ina cathair bheomhar dhátheangach.
Tionólfar an seisiúin eolais i gcomhar le buaiteoir chomórtas na bliana seo caite, EmployAbility Galway in Óstán an Carlton, Bóthar Bhaile Átha Cliath ó 6.30pm. Deis iontach a bheidh ann do chomhlachtaí áitiúla a mbeidh deis acu bualadh le hiarbhuaiteoirí an chomórtais agus na buntáistí ar leith a bhaineann leis an ngradam a phlé.
Cothaítear an-spéis i nGradam Uí Ógartaigh gach bliain agus déantar neart poiblíochta ar na comhlachtaí rannpháirtithe mar chuid den chomórtas. Anuas air sin, tá luach €17,000 ar dhuaischiste na bliana seo atá urraithe ag roinnt ghnóthaí áitiúla, D’Arcy Marketing & PR, Údarás na Gaeltachta agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe ina measc.
Ainmníodh ARÓ - Forbairt Gnó Idirlíne - mar urra nua ar an ngradam i mbliana agus cuirfidh an gnó atá lonnaithe sna Forbacha 4 shraith de cheardlanna ar Straitéis Ghréasáin ar fáil don phríomhbhuaiteoir.
Cuirfidh Gaillimh le Gaeilge fáilte roimh iontrálacha sna ceithre catagóir a leanas:
-
Miondíol (urraithe ag Galway Bay FM)
-
Turasóireacht agus Fáilteachas (urraithe ag Fáilte Ireland)
-
Seirbhísí (urraithe ag Snap Galway)
-
Comhlachtaí Eile (urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh).
Spriocdháta d’iontrálacha: 5.30pm, Dé Luain 11 Feabhra 2013.
Tá breis eolais maidir le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus ‘Gaeilge sa Ghnó’, seirbhís shaor in aisce a chuirtear ar fáil do ghnóthaí áitiúla ar fáil ach glaoigh ar Ghaillimh le Gaeilge, 091 568876 nó féach www.gleg.ie.
©Foilsithe ar Gaelport 25 Eanáir 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Tús curtha le cath na n-amhrán Gaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge