Is meascán de dhánta foilsithe agus úra atá i gceist le ‘Fuíoll Feá: Rogha Dánta’ agus iad aistrithe go Béarla ag Gabriel Rosenstock. Tá dlúthdhiosca ag gabháil leis an leabhar de dhánta úra á léamh ag bhfile féin.
Tá clú bainte amach ag Liam Ó Muirthile mar fhile, iriseoir, drámadóir agus úrscéala. Is le ceird na filíochta is mó a shamhlaítear é: bhuaigh a chéad chnuasach Tine Chnámh (Sáirséal Ó Marcaigh, 1984) Duais an Ríordánaigh san Oireachtas agus is iomaí duais eile atá bainte ag Ó Muirthile.
Beidh an leabhar á sheoladh ar 8 Feabhra ag an Eaglais Úinitéireach, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath ag 7.30in. Is é Cathal Póirtéir a sheolfaidh an leabhar go hoifigiúil agus cloisfear léamh filíochta ón údar féin agus ó Gabriel Rosenstock. Casfaidh Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Iarla Ó Lionáird roinnt ceoil ar an oíche chomh maith.
Is féidir an cnuasach a cheannach ar líne ag www.coislife.ie anois agus tá costas €30 ar chóip faoi chlúdach crua agus €20 ar chóip faoi chlúdach bog.
© Foilsithe ar Gaelport 25 Eanáir 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Tráthnóna eolais d'iomaitheoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh
Tús curtha le cath na n-amhrán Gaeilge
Bonn Óir Sheáin Uí Riada bronnta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge