Is as Baile an tSléibhe, An Spidéal, Co. na Gaillimhe don amhránaí aitheanta Mairéad Ní Fhlatharta. Tá glór binn, sainiúil Mhairéad ar cheann de sheoda an dlúthdhiosca Ó Chaon Taobh.
Tá a cumas iontach mar fhonnadóir lena mbaineann sí casadh nua as filíocht ársa, cheolmhar na n-amhrán mar bhua eile aici. Tá fréamhacha a muintire sna hamhráin mhóra a d’fhoghlaim Mairéad faoi stiúir an tsárfhonnadóra Peatsaí Ó Ceannabháin, na hamhráin nua a cumadh agus a chuala sí ag fás aníos agus a chasann sí le beocht agus le croí.
Ceist na seachtaine seo:
Cé contae ar as do Mairéad Ní Fhlatharta ?
• Co. na Mí
• Co. na Gaillimhe
• Co. Chorcaí
• Co. Maigh Eo
Seol freagraí chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 6 Feabhra 2013 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Rory McGinley as Baile Átha Cliath a bhuaigh an duais san eagrán seo caite.
© Foilsithe ar Gaelport 29 Eanáir 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Cóisir Oíche na Féile Bríde i mBaile Locha Riach
An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge Seolta ag Uachtarán na hÉireann
Craoltóireacht sa ré dhigiteach ar bharr an sceidil ag ceardlann chraoltóireachta in oifigí an BAI
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge