Beidh an grúpa ag scéalaíocht agus ag ceol i bPéistín na Leabhar, Baile Locha Riach agus cuirfear fáilte roimh chách páirt a ghlacadh i gceardlann na croise Bríde a beidh ar siúl ann.
Beidh go leor eolais ar fáil ann maidir le himeachtaí Gaeilge Locha Riach a bheidh ag teacht aníos sna míonna romhainn, Slógadh Eachtaí ina measc agus seolfar Féile Raifteirí agus Seachtain na Gaeilge ar an oíche freisin.
Beidh an scríbhneoir Dara Ó Conaola as Inis Oírr ina Fhear an Tí ag an ócáid agus is é a bheidh mar Scéalaí na hOíche chomh maith.
Tosóidh an chóisir ag 7.30 pm agus cuirtear fáilte roimh chách ach é a chur in iúl do Ruth i nGaeilge Locha Riach ar 091-870718 roimh 29 Eanáir.
© Foilsithe ar Gaelport 29 Eanáir 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Sainchúrsa creidiúnaithe don earnáil phoiblí forbartha ag Gaelchultúr
Craoltóireacht sa ré dhigiteach ar bharr an sceidil ag ceardlann chraoltóireachta in oifigí an BAI
An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge Seolta ag Uachtarán na hÉireann
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge