Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Craoltóireacht sa ré dhigiteach ar bharr an sceidil ag ceardlann chraoltóireachta in oifigí an BAI

$
0
0
Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhpháirt le hÚdarás Craolacháin na hÉireann ag reáchtáil ócáid chraoltóireachta dar teideal ‘Ar bharr an sceidil: Craoltóireacht sa ré dhigiteach’ amárach, 30 Eanáir 2013 ag 10.30am – 12.00pm.

Ócáid neamhfhoirmiúil a bheidh ann agus tá i gceist go bpléifear na dúshláin agus na deiseanna is mó atá ann don chraoltóireacht raidió trí Ghaeilge tráth a bhfuil borradh mór faoin gcraoltóireacht ar líne agus faoi aipeannna raidió.

Reáchtálfar ceardlann eolais le painéal d’aoichainteoirí deimhnithe a bhfuil taithí craoltóireachta na mblianta acu; ina measc beidh an ceoltóir agus clár-reachtaire Raidió na Life Cian Mac Cárthaigh; an craoltóir óg ó Chonamara Máire Mairéad Ní Loideáin ó Northern Sound FM; PPI Craoltóir ceoil 2011 Barbara Nic Dhonnacha ó iRadio; an láithreoir agus léiritheoir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cearbhall Ó Síocháin agus Niall (Traic) Ó Braonáin ón chairtstáisiún idirlín Raidió Rí-Rá.

Déanfaidh na craoltóirí seo roinnt cainte faoina dtaithí san earnáil agus ina dhiaidh sin, beidh fáilte roimh cheisteanna de gach chineál maidir leis an gcraoltóireacht raidió sa bhliain 2013.

Chomh maith leis sin, seolfar sceideal náisiúnta na gclár Gaeilge. Áis nua is ea an sceideal a bheidh ina chabhair don té atá ag iarraidh teacht ar eolas maidir leis na cláir Ghaeilge go léir a bhíonn ar an aer gach lá.

Tá an sceideal iomlán roinnte idir na stáisiúin agus luaitear sceidil RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Raidió Rí-Rá chomh maith le sceideal náisiúnta ina bhfuil cláir ó gach craoltóir ó Inis Eoghain i nDún na nGall go Baile Átha Cliath luaite ann.

Tá an ócáid á reáchtáil mar chuid de chlár tacaíochta na seirbhíse digití COGAR atá maoinithe ag an BAI. Tá sé mar sprioc ag Cogar úsáid na Gaeilge ar an raidió a chur chun cinn agus craoltóirí raidió na tíre a chur ar an eolas maidir le forbairtí i saol na Gaeilge.

Tá i gceist gur ócáid idirghníomhach a bheidh ann agus beidh beotuíteáil ann ar an ócáid agus ar na ceisteanna a bheidh idir chamáin ag na craoltóirí sna meáin shóisialta ar Twitter agus ar Facebook.

Tá fáilte roimh chách freastal ar an ócáid a bheidh ar siúl in Oifigí Údarás Chraoltóireachta na hÉireann, 2-5 Plás Warrington, Baile Átha Cliath 2, nó páirt a ghlacadh sa phlé ar Twitter ar an haischlib #sceideal13 agus trí @Cogar_ie a leanúint.

 

© Foilsithe ar Gaelport 29 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió

Láithreoirí á lorg ag Raidió na Life

Sainchúrsa creidiúnaithe don earnáil phoiblí forbartha ag Gaelchultúr

Lean an scéal seo, @Cogar_ie @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #sceideal13


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>